Is comhdhúil orgánach é eatánól (ar a dtugtar alcól eitile nó go hiondúil alcól).
Is alcól simplí é leis an bhfoirmle ceimiceach C2H6O. Is féidir a fhoirmle a scríobh freisin mar CH3CH2OH nó C2H5OH (grúpa eitile atá nasctha le grúpa hiodrocsaile). Is leacht so-ghalaithe, inadhainte, éadathach é eatánól le boladh sainiúil cosúil le fíon agus blas géar.[11][12] Is druga sícighníomhach áineasa é, an comhábhar gníomhach i ndeochanna alcólacha.
Táirgtear eatánól go nádúrtha trí phróiseas coipthe siúcraí ag giostaí nó trí phróisis pheitriceimiceacha amhail hiodráitiú eitéine. Tá feidhm leighis aige mar antaiseipteán agus díghalrán. Úsáidtear é mar thuaslagóir ceimiceach agus i sintéis comhdhúile orgánacha, agus mar fhoinse breosla. Is féidir eatánól a dhíhiodráitiú freisin chun eitiléin a dhéanamh, bunábhar ceimiceach tábhachtach.agus i sintéis comhdhúile orgánacha, agus mar fhoinse breosla. Is féidir eatánól a dhíhiodráitiú freisin chun eitéin a dhéanamh, bunábhar ceimiceach tábhachtach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Eatánól, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.