Fisicí a rugadh i Lennap na Gearmáine ab ea Wilhelm Conrad Röntgen (27 Feabhra 1843 – 10 Feabhra 1923).
Ar 8 Samhain 1895, d'fhionn Röntgen X-ghathanna is é ag déanamh taighde ar fheadán ga-chatóideach. Fuarthas go raibh scannáin grianghrafadóireachta ar an mbinse taobh leis nochtaithe, bíodh is go raibh siad fillte i bpáipéar teimhneach.
Gathanna éigin ón bhfeadán de chineál nach raibh ar eolas go dtí sin a bhí ag imoibriú leis an eibleacht. Thug Röntgen X-ghathanna orthu. Ach sa Ghearmáin tugtar gathanna Röntgen orthu fós.
Ina dhiaidh sin, chruthaigh Röntgen íomhá cháiliúil de chnámha is fáinne a bhean chéile, agus thosaigh feidhmiú iontach X-ghathanna sa mhíochaine. "Tá mo bhás
feicthe agam" a dúirt a bhean Anna nuair a rinneadh x-gha ar a lámh agus iontas an domhain uirthi.
Leis an mbeirt Curies, bhuaigh sé an chéad Duais Nobel na Fisice i 1901 as a fhionnachtain.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Wilhelm Röntgen, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.