Teileascóp

Ionstraim optúil chun íomhánna formhéadaithe a dhéanamh de réada cianda.

Seans go raibh a leithéid ann níos luaithe, ach tháinig sé in úsáid fhorleathan san Eoraip go luath sa 17ú céad tar éis do Galileo is Lippershey samplaí rathúla a dhéanamh timpeall 1608.

Teileascóp
Teileascóp i bPáras

Cruthaíonn teileascóp réalteolaíoch íomhá inbhéartaithe den fhrithne ach le réimse níos mó radhairc is formhéadú níos mó ná teileascóip dhomhanda (le híomhá ingearach).

Teileascóp
modh oibre a d'úsáid Newton

I dteileascóp athraonta, úsáidtear lionsa chun na gathanna solais a fhócasú, modh oibre a d'úsáid Galileo den chéad uair sa réalteolaíocht. Ina fhoirm nua-aoiseach le hiomrall crómatach na lionsaí ceartaithe, bíonn an teileascóp seo in úsáid fhorleathan, i measc amaitéarach go háirithe.

Teileascóp
reflecting telescope

I dteileascóp frithchaiteach, is le scáthán parabóileach a fhócasaítear na gathanna solais, modh oibre a d'úsáid Newton sa réalteolaíocht den chéad uair, de bhrí gur thuig sé gur réiteach é ar iomrall crómatach na lionsaí.

D'fhorbair William Herschel (1738-1822) bealaí chun scátháin mhóra phríomhúla a theilgean i 1783. Is teileascóip mar seo na teileascóip is mó ar Domhan go léir.

Teileascóp
ceamara Schmidt

Nuair a bhíonn gnóthaí ar leith le déanamh, cosúil le grianghrafadóireacht, bíonn córas lionsaí is scáthán in úsáid, mar áta i gceamara Schmidt. Bailíonn radaiteileascóip astaíochtaí raidió cosmacha ó fhoinsí neamhaí agus déanann anailís orthu. Mias pharabólóideach bhailithe instiúrtha a bhíonn sa teileascóp seo, le brathadóir lárnach atá ceangailte le haimplitheoirí.

Is féidir foinsí na dtonnta raidió a léiriú trí chóras anailíse íomhánna mar phictiúir cosúil le grianghrafanna. I radathrasnamhéadar bíonn grúpa aeróg instiúrtha a tharchuireann a gcomharthaí chuig comhghlacadóir, agus is féidir íomhánna d'fhoinsí tonnta raidió sa chosmas le híogaire is cruinneas níos fearr a fháil leis seo.

Bíonn teileascóip do shaghsanna eile radaíochta (infridhearg, ultraivialait, X-ghathach is eile) in úsáid freisin, cuid acu ar shatailítí os cionn atmaisféar an Domhain.

Tagairtí

Tags:

160817ú haoisAn EoraipGalileo Galilei

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

BreatimeachtAn DomhanAn Dagastáin2002Guglielmo MarconiPlandaGorm4 MeitheamhGeoiméadrachtContae Thiobraid ÁrannAcmhainn.ieAn Chrois, Contae Mhaigh Eo (Cill Mheáin)Folláine cholainneGuinnessBaile Átha CliathGníomhaíocht na nOibrithe agus na nDífhostaitheAn Chartaig ÁrsaTriomachRiail dhíreach (Tuaisceart Éireann)StairUathmheaisín baincIónaTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheLaosSéamas II agus VIIVlaidímír LeinínCorn FIFA an Domhain 2006Alexander PushkinAdolf HitlerRíomheolaíochtPornhubAurora, IllinoisvítneamMo Hat Mo GheansaíBacstaíCeirtlisPtychodus2020MicribitheolaíochtÉireNanaitheicneolaíochtÁine na Breataine MóireAn AigéineSiombailGreta ThunbergSasanaNa scannáin is mó a thug airgead isteachNewt GingrichAn FhraincAn GhaeilgeEolaíocht fheidmeachFomhóraighCultúrArthur Conan DoyleEolaíocht an domhainCharles TrevelyanHamiltonVictoria, TexasAmharclannAimsir na bliana 2023An IndinéisAirgeadasOcsaiginArdchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheSui generisAn ÍsiltírKazanh102yIriseoireachtCumann na mBanFostaíochtAmhasVicipéid na GaeilgeTalitha Cumi (eipeasóid The X-Files)🡆 More