Is ionad taighde agus oideachais de chuid SAM é an Smithsonian Institute.
Tá ocht n-iarsmalann déag, chomh maith leis an nGáirdín Ainmhithe Náisiúnta, ina mbaill den Smithsonian. Mar sin, 'sé sin an coimpléasc iarsmalainne is mó ar domhan é. Bhí níos mó ná 142 milliún nithe faoina gcúram sa bhliain 2005.
Smithsonian Institution | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | James Smithson | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Institiúid agus eagraíocht neamhbhrabúis | |||
Foirgníocht | 10 Lúnasa 1846 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Comhcheangal | Museum of the Rockies (en) , Weitzman National Museum of American Jewish History (en) agus Wing Luke Museum of the Asian Pacific American Experience (en) | |||
Bunaitheoir(í) | James Smithson agus Joel Roberts Poinsett | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 30,000,000 (2012) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | si.edu | |||
Cruthaíodh é ar an 10 Lúnasa 1846 go reachtúil, as oidhreacht an eolaí Shasanaigh James Smithson a fágadh ina uacht ag an stát Meiriceánach sa bhliain 1829. Bunaíodh é i Washington, D.C. chun "eolas domhanda a threisiú agus a scaipeadh'.
Tá ról lárnach aige sa taighde, oideachas, ealaíon, stair, fisic, seandálaíocht, bitheolaíocht, agus neart réimsí eile. Déanann an Institiúid urraíocht ar chuid mhaith taighde i réimsí leathana eolais.
Tá naoi roinn den iarsmalann Smithsonian lonnaithe ar an dá thaobh den National Mall i Washington DC.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Smithsonian Institution, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.