File Astrálach ba ea Rosemary de Brissac Dobson (Oifigeach Ord na hAstráile) (18 Iúil 1920 – 27 Meitheamh 2012).
Bhí sí ina heagarthóir agus ina léaráidí freisin. D’fhoilsigh sí ceithre chnuasach déag filíochta agus aistríodh a saothar go Fraincis agus go teangacha eile.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meitheamh 1920 Sydney, New South Wales |
Bás | 27 Meitheamh 2012 92 bliana d'aois Canberra, Australian Capital Territory |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sydney Frensham School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht na hAstráile, eagarthóireacht agus maisiú |
Gairm | file, eagarthóir rannchuidithe, scríbhneoir, maisitheoir |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Rugadh Rosemary Dobson in Sydney mar an dara hiníon de A.A.G. (Arthur) Dobson, a rugadh i Sasana, agus Marjorie (née Caldwell). Ar thaobh a hathar ba é a seanathair Henry Austin Dobson, file agus aistí. D’fhreastail sí ar Frensham School, agus d’fhan sí ann mar phrintíseach múinteora ealaíne agus stair ealaíne.
Nuair a bhí sí bliain is fiche d’aois, chuaigh sí ar Ollscoil Sydney mar mhac léinn gan chéim, agus rinne sí staidéar ar dhearadh faoin ealaíontóir Astrálach Thea Proctor. Bhí ina heagarthóir agus ina léitheoir ag an bhfoilsitheoir Angus and Robertson.
Phós sí an foilsitheoir Alec Bolton (1926–1996), fear ar bhuail sí leis agus í ag obair ag Angus and Robertson in Sydney, agus bhí triúr clainne acu. Chuir sí aithne ar scríbhneoirí agus ar ealaíontóirí eile, leithéidí an fhile Douglas Stewart, a bhean chéile Margaret Coen arbh ealaíontóir í, an scríbhneoir agus ealaíontóir Norman Lindsay, agus na filí Kenneth Slessor agus James McAuley. Bhí siad ina gcónaí i Londain idir 1966 agus 1971, agus shiúil sí an Eoraip agus chuir feabhas ar an eolas a bhí aici ar an ealaín.
In 1971 d’aistrigh sí féin agus Alec go Canberra, áit ar chuir Alec Rannóg na Foilsitheoireachta ar bun i Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Bhí siad mór leis na filí David Campbell, A. D. Hope, R. F. Brissenden agus leis an gcriticeoir Dorothy Green.
Ceapadh an deirfiúr ba shine aici, Ruth Dobson, mar an gcéad taidhleoir proifisiúnta mná de chuid na hAstráile.
Fuair Rosemary Dobson bás i dteach altranais in Canberra ar an 27 June 2012.
Thosaigh Dobson ag scríobh filíochta agus í seacht mbliana d’aois. Foilsíodh an chnuasach aici, In a Convex Mirror, in 1944, agus lean trí chnuasach déag eile é. Tuganna saothar léargas ar an ngrá a bhí aici ar ealaín, ar mhiotaseolaíocht agus ar an tseandacht agus ar a saol mar mháthair.
Mhaígh Douglas Stewart gur dhuine spioradálta í "in the deepest and most important sense". Dúirt Dobson féin i réamhrá Selected Poems (1973):
"I hope it will be perceived that the poems presented here are part of a search for something only fugitively glimpsed, a state of grace which one once knew, or imagined, or from which one was turned away. Surely everyone who writes poetry would agree this is part of it - a doomed but urgent wish to express the inexpressible".
Chuir sí trí dhíolaim in eagar agus aistriúcháin ar fhilíocht Rúiseach in dhá cheann acu, aistriúcháin a rinne sí in éineacht le David Campbell. Scríobh sí prós freisin.
Tall glass, round loaf and tumbled cloth | Gloine ard, builín cruinn, éadach |
Filíocht
Aistriúcháin
Neamhfhicsean
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rosemary Dobson, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.