Is éard atá i gceist leis an radacarbón ná an t-iseatóp radaighníomhach de chuid an charbóin atá ar fáil sa dúlra, nó 14C, C-14 nó carbón-14.
Is é 12C an t-iseatóp is coitianta atá ag an gcarbón, agus sé phrótón is sé neodrón - nó dhá núicléón déag ar fad - sa núicléas aige, agus is iseatóp cobhsaí, neamh-radaighníomhach é. An radacarbón, áfach, tá dhá neodrón níos mó aige, agus is dual dó an cineál meath radaighníomhach teacht air a dtugtar béite-mheath air. Go bunúsach, iompaíonn ceann de na neodróin i núicléas an radacarbóin go prótón, ionas go gcruthaítear 14-N, iseatóp de chuid na nítrigine nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós.
Cruthaítear radacarbón go nádúrtha thuas san atmaisféar faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Sin í an fhoinse a sholáthraíonn adaimh nua radacarbóin de réir mar a thagann meath ar na seanchinn. Tá leathré an radacarbóin chomh gearr is nach iseatóp príomhordúil é, ach iseatóp cosmaigineach. Is é sin, caithfidh an radaíocht chosmach núicléis nua radacarbóin a sholáthar, nó tháinig meath radaighníomhach cheana féin ar an oiread radacarbóin a bhí ann san am a foirmíodh an Domhan agus an grianchóras.
Is í an leathré atá ag an radacarbón ná timpeall ar 5700 bliain. Baintear úsáid as an radacarbón sa dátú radacarbóin (carbóntréimhsiú). Bíonn céatadán an radacarbóin i gcarbón na n-organach beo sách do-athraithe, agus iad ag idirghníomhú leis an gcarbón ina dtimpeallacht. I ndiaidh bhás an orgánaigh, áfach, tagann laghdú ar an gcéatadán seo agus an radacarbón ag meath. Mar sin, is féidir breithiúnas a thabhairt ar aois na n-iarsmaí bitheolaíocha tríd an radaighníomhacht a fhanann iontu a thomhas.
Ba iad na ceimiceoirí Sam Ruben, Meiriceánach, agus Martin Kamen, Ceanadach, a d'aithin an radacarbón mar iseatóp ar leith an chéad uair, thiar i Saotharlann Radaíochta Berkeley, ar cuid í d'Ollscoil California, ar an 27ú Feabhra 1940
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Radacarbón, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.