Is é My Belarusy (Bealarúisis: Мы, беларусы, Rúisis: Мы, белорусы, Sinne, na Bealarúisigh) teideal neamhoifigiúil amhrán náisiúnta na Bealarúise agus céad líne liricí an amhráin.
Tá an t-ainm "Amhrán Stáit Phoblacht na Bealarúise" (Bealarúisis: Дзяржаўны гімн Рэспублікі Беларусь, Rúisis: Государственный гимн Республики Беларусь) ar "My Belarusy" go hoifigiúil. Scríobhadh agus glacadh leis an amhrán sa bhliain 1955 chun a bheith mar amhrán náisiúnta ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Chum Niescier Sakałoŭski ceol an amhráin agus scríobh Mikhas Klimkovich liricí amhrán náisiúnta PSS na Bealarúise.
Teideal bunaidh | Мы, беларусы |
---|---|
Foirm cheoil | amhrán |
Sámpla ceoil | |
Tonúlacht | mórghléas F |
Cumadóir | Niescier Sakałoŭski |
Liriceoir | Mikhas Klimkovich (en) agus Uladzimir Karyzna |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Bhealarúisis |
Dáta a bunaíodh | 2 Iúil 2002 |
Dáta foilsithe | 1955 |
I ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, coimeádadh an ceol ar scríobh Sakałoŭski ach níor coimeádadh na liricí. Glacadh le liricí nua, ar scríobh Klimkovich agus Uladzimir Karyzny, nuair a eisíodh Foraithne ón Uachtarán an 2 Iúl 2002. Is éard atá i gceist le liricí an amhráin sa lá atá inniu ann ná Bealarúis chairdeachais, arna tabhairt onóir d'iar-chathanna míleata agus arna breathnú ar aghaidh go dtí an todhchaí. Coinníodh leis an gceol mar gheall ar a cheangail stairiúla do Bhealarúis.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article My Belarusy, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.