Scríbhneoir Francach a bhí i Valentin Louis Georges Eugène Marcel Proust (10 Iúil 1871 in Auteuil na Fraince – 18 Samhain 1922).
Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann.
Ba é an t-úrscéal millteanach À la recherche du temps perdu, Ar thóir an ama chaillte ("in search of lost time") nó I ndilchuimhne ar an am atá thart, ar na seanlaethanta ("Remembrance of things past") ba mhó a thuill clú dó. Tá na mílte leathanach sa mhórshaothar nua-aoiseach seo, idir 3,200 - 4,300, an chéad úrscéal a scríobhadh a bhfuil os cionn milliún focal ann (idir 1.3-1.9 milliún ann).
Thosaigh Proust ag scríobh an t-úrscéál sa bhliain 1906 agus lean sé ar aghaidh leis an obair go lá a bháis. Scríobh Proust an leabhar agus é cuachta istigh ina sheomra ar feadh na mblianta sa Grand Hotel i Cabourg (seomra 414, ar an gceathrú hurlár).
Dúirt Marcel Proust gur sórt teanga iasachta is ea teanga na hardlitríochta. Ach ag n am céanna, láimhsigh Proust canúna agus réimeanna teanga eile ina mhórshaothar, À La Recherche du Temps Perdu, agus go háirithe an chaoi ar fheidhmigh canúint áitiúil — canúint tuaithe (patois) an tsearbhónta Françoise — mar nasc diamhair le ré eile theanga agus chultúir.
Tá beocht agus barántúlacht ag baint le caint chanúnach Françoise san úrscéal.Is léiriú í ar shruthanna teanga agus ar mhodhanna seachadta cultúir a mhaireann neamhspleách ar fhórsaí caighdeánaithe na sochaí meánaicmí ar bhain Proust léi agus ar bhunaigh sé a úrscéal uirthi. Is san oíche is mó a thiontaítear ar an teanga seo a labhairt in áit na Fraincise caighdeánaí, agus is ansin is mó a aithnítear a gaol le teanga liteartha na meánaoise:
Ní raibh an tsláinte go maith ag Proust ar feadh a shaoil. Bhí an plúchadh ag gabháil dó i gcónaí, ach d'fhan sé taobh istigh. Hipeacoindreach b'fhéidir, shlog sé siar barbatúráití agus aidréanailín.
Tháinig broincíteas air faoi dheireadh agus fuair sé anbhás, ar 18 Samhain 1922, in aois 51 bliain dó.
Bhí an-tionchar ag Proust ar úrscéalaithe eile, mar shampla Samuel Beckett (scríobh sé leabhar faoi Proust). Agus bhí tionchar cliathánach ag meath na mionteangacha ar Proust, chomh maith le James Joyce, a raibh mórtheanga an náisiúin mar uirlis liteartha acu.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Marcel Proust, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.