Faightear gruth trí bhainne a théachtadh i bpróiseas ar a dtugtar gruthú.
Úsáidtear an toradh mar tháirge inite déiríochta é féin, nó sa chéad chéim i ndéanamh cáise. Is féidir an téachtadh a chur i bhfeidhm trí binid, nó aon substaint aigéadach inite (ar nós sú líomóide nó fínéagar), a chur le bainne. Mar gheall ar an méadú ar aigéadacht, tagann na próitéiní bainne (cáiséin) le chéile ina bpíosaí soladacha ar a dtugtar gruth. Cruthaítear gruth freisin nuair a ligtear do bhainne géarú (bainne amh nó bainne paistéartha a gcuirtear baictéir lachtaigéid leis), agus táirgtear cáis bhainne ghéir sa chaoi seo.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | táirge déiríochta agus bia |
Modh ullmhúcháin | Emprésurage (fr) |
Príomh-chomhábhair | bainne agus binid |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gruth, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.