Teangeolaí, údar agus léachtóir as Tel Aviv, Iosrael é Ghil'ad Zuckermann (a rugadh ar an 1 Meitheamh 1971) (D.Phil., Ollscoil Oxford; Ph.D., Ollscoil Cambridge).
Oibríonn Zuckermann i dteangeolaíocht theagmhála, i léacseolaíocht agus i staidéar teanga, cultúir agus féiniúlachta. Tá sé ina Ollamh le Teangeolaíocht agus ina Chathaoirleach ar Theangacha i mBaol in Ollscoil Adelaide, san Astráil. Tá sé ina uachtarán ar Chumann na hAstráile um Léann na nGiúdach (CALG).(Béarla: The Australian Association for Jewish Studies(AAJS) )
Rugadh Zuckermann i Tel Aviv i 1971 agus tógadh é in Eilat. D’fhreastail sé ar an United World College of the Adriatic i 1987–1989. Sa bhliain 1997 fuair sé M.A. sa Teangeolaíocht ón Adi Lautman Interdisciplinary Program for Outstanding Students in Ollscoil Tel Aviv. Sna blianta 1997-2000 bhí sé ina Scoláire Eorpach Scatcherd in Ollscoil Oxford agus ina Scoláire Iarchéime Denise Skinner i St Hugh's College, Oxford, ag fáil D.Phil. (Oxon.) sa bhliain 2000. Le linn dó a bheith ag Oxford, bhí sé ina uachtarán ar an ngrúpa mac léinn Oxford University L'Chaim Society. Mar chomhalta taighde Gulbenkian i gColáiste Churchill (2000-2004), bhí sé cleamhnaithe le Roinn na Teangeolaíochta, Dámh an Léinn Nua-Aois agus na Meánaoise, Ollscoil Cambridge. Fuair sé Ph.D. (Cantab.) sa bhliain 2003.Is ilteangach é Zuckermann, agus na poist mhúinteoireachta a bhí aige san am atá caite ag réimsiú ó Ollscoileanna i Sasana, sa tSín, san Astráil, i Singeapór, sa tSlóvaic, in Iosrael agus sna Stáit Aontaithe. Sna blianta 2010-2015, bhí sé ina ollamh cuartaíochta oirirce ar thionscadal na Síne Project 211, agus ina chomhalta ollaimh "Scoláire Oirthearach Shanghai", ag Ollscoil Staidéir Idirnáisiúnta Shang-hai .
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ghil'ad Zuckermann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.