Thosaigh Fuadar Óir Chalifornia ar an 24 Eanáir, 1848 le fionnachtain óir ag Muileann Sutter (Béarla: Sutter's Mills) i gColoma, California.
Scaip an nuacht chuig gach cearn den tír agus thar sáile, agus mheall an scéal 300,000 duine go California ón chuid eile de SAM agus thar lear.
| ||||
Cineál | Fuadar óir | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 24 Eanáir 1848 - 1854 | |||
Dáta na bliana | 1855 | |||
Suíomh | Muileann Sutter, California , California, SAM | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Chuireadh tús leis an bhFuadar Óir ag Muileann Sutter, gearr do Choloma. D'aimsigh James W. Marshall píosaí óir agus é i mbun oibre mar shaoiste, ag tógáil muileann sábhadóireachta, a obair don téisclimí John Sutter. Chonaic Marshall giotaí den mhiotail ag soilsiú ar bhruach Abhainn Mheiriceánach.
Gan a mhór a dhéanamh de, chuir Marshall agus Sutter na píosaí mhiotail faoi thriail, go príobháideach. Dearbhaíodh gur ór a bhí faighte acu. Cheap Sutter go mbeadh na sluaite ann ar thóir an óir agus ar an drochuair bhí an ceart aige.
Gan mórán moille, spréigh ráflaí amach faoin scéal. Dearbhaíodh scéal a d'fhoilsigh Samuel Brennan faoi, foilsitheoir nuachtáin i San Francisco, i Mí Márta 1848.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fuadar Óir Chalifornia, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.