Déagóir Afrai-Mheiriceánach ab ea Emmet Till (25 Iúil 1941 – 28 Lúnasa 1955) a dúnmharaíodh go barbartha i Mississippi le linn an ré Dlíthe Jim Crow.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-us) Emmett Louis Till 25 Iúil 1941 Chicago (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Bás | 28 Lúnasa 1955 14 bliana d'aois Money, Mississippi (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Siocair bháis | Linseáil (Tráma mhaol) |
Áit adhlactha | Reilig Burr Oak |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dalta |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Louis Till agus Mamie Till |
Croineolaíocht | |
28 Lúnasa 1955 | linseáil Emmett Till |
Gradam a fuarthas
| |
Rugadh Emmett Till in Chicago na bliana 1941. Maraíodh a athair i dtreo dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ba iad a mháthair Mamie agus a sheanmháthair Alma a thóg é. D’éalaigh Mamie agus Alma as Mississippi ciníoch na bhfichidí mar chuid den ‘Great Migration’. Chuireadar fúthu in Chicago.
I samhradh na bliana 1955 agus gan Till ach ceithre bliana déaga, cinntear go rachadh sé ar cuairt leis féin chuig daoine muinteartha i Mississippi, óir go raibh na Dlíthe Jim Crow in ard a réime sa Stát ag an am sin.
Ansin tarlaíonn eachtra chinniúnach agus Till i siopa mar a bhfuil bean phósta agus óg (21), Carolyn Bryant (Bennett), ag tindeáil air. Níl a fhios againn céard a tharla i ndáiríre ach bhraith Bryant 'maslaithe'. B'fhéidir gur mhaslaigh Till, 14 ag an am. í gan fhios dó féin.
Cúpla lá ina dhiaidh sin d’fhuadaigh fear céile Carolyn agus a leasdeartháir Till. Fuarthas corp Till briste brúite in abhainn an Tallachatchie ina dhiaidh sin.
Sheoladh an corp ar ais chuig Chicago. D'éiligh máthair Till, Mamie, go mbeadh an chónra oscailte ag tórramh Till. Thug sí cuireadh do ghrianghrafadóir pictiúr a thógaint le go bhfeicfeadh an saol mór an drochíde a tugadh dá mac.
Chuir na himeachtaí seo alltacht ar an bpobal agus suim sa chás. Seans go raibh tionchar acu ar an gcinneadh dúnmharú a chur i leith an bheirt fhear, Roy Bryant (fear céile Carolyn) agus a dheartháir, J.W. Milam,. Ach fuarthas neamhchiontach i ngach cúis iad. Dá bharr sin, bhailigh an feachtas cearta sibhialta neart, ag cur i gcoinne an chiníochais, atá go rábach, ó dheas fós.
Sa bhliain 2023, maireann Carolyn Bryant Donham (in aois 88 di) i gcónaí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Emmett Till, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.