Nollaig Bheag (Little Christmas sa Bhéarla nó Natale Piccolo as Iodáilis) is ea an t-ainm coitianta Gaeilge ar an 6 Eanáir (nó Eipeafáine, Lá Nollag Beag, Nollaig na mBan, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag nó fiú Féile na dTrí Ríthe), an lá deireanach de shéasúr na Nollag.
Cineál | lá saoire |
---|---|
Tír | Éire |
Comharthaíonn sé deireadh laethanta saoire na scoile freisin.
Glaoitear Oíche na dTrí Ríthe (‘Rite’ sa chaint) ar Oíche Nollag Beag i gCorca Dhuibhne. Threoraigh réalta na Beithile chun láthair Íosa iad. Tagairt atá ann don dtriúr, an Magi, a tháinig fé bhráid an tSlánaitheora le bronntanais.
Seo sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha 2:1-10
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: "Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó." .. agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic na saoithe an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorr. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.
Sean-nós atá ann doirse a bheannú tráth na hEipeafáine – chun a chur i gcuimhne dúinn fáilte a chur roimh dhaoine agus aíonna nua le linn na bliana amach romhainn. Scríobhann roinnt daoine an dáta agus na litreacha CMB thar an doras freisin. Is iad seo túslitreacha ainmneacha traidisiúnta an Triúr Saoithe: Caspar, Meilcíór agus Baltazár.
Sa bhliain 1582, thug an Pápa Gréagóir XIII féilire nua isteach, rud a thug ‘Lá Nollag’ dhá lá dhéag chun cinn.
'Sé an 6 Eanáir an Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, de réir an Fhéilire Ghréagóra. .
Tugtar Nollaig na mBan (Women's Christmas as Béarla) uirthi freisin. Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin. Go minic ceannaíonn páistí bronntanais dá máithreacha agus dá sean-mháithreacha.
I gCléire bhíodh sé de nós ag na hoileánaigh trí ghráinne a chur i gcíste agus an chéad duine a gheobhadh gráinne díobh siúd ina bhéal bhí sé ina rí i gcomhair na bliana! Bhíodh sé mar nós leis dorn breise mine nó sop féir a thabhairt dos na ba an oíche sin.
In Albain, tugtar Nollaig Bheag ar Lá Caille (Là Challuinn, nó Là na Bliadhna Ùire de ghnáth) agus Là Féill nan Rìgh ar 6 Eanáir.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nollaig Bheag, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.