Ceann den dá orgán i veirteabraigh a tháirgeann fual.
Sa duine bíonn na duáin comhchruthach, ar chruth pónairí, suite ar an gcuid uachtarach de chúlbhalla an bhoilg, ar an dá thaobh den cholún veirteabrach.
Sonraí | |
---|---|
Laidin | ren |
Cuid de | córas eisfheartha agus córas inchríneach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D007668 |
TA | A08.1.01.001 |
FMA | 7203 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/kidney |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Bíonn dhá dhuán ag gach duine. Déantar fual iontu. Sileadh sé amach, síos an úiréadar agus isteach sa lamhnán.
Tugann an t-úiréadar an fual don lamhnán. Bíonn meáchan timpeall 130g ag gach duán, agus le faireog aidréineach, bíonn sé imchlúdaithe le fíochán tacaíochta is tacaithe le saill.
Bíonn suas le milliún neafrón (an bunaonad feidhmithe) i ngach duán.
Déanann an neafrón an fhuil a phróiseáil le hábhair iomarcacha a bhaint aisti, agus ag an am céanna comhábhair riachtanacha (glúcós, sóidiam, potaisiam is eile) a choinneáil inti chun toirt is comhdhéanamh shreabháin na colainne a choinneáil taobh istigh de theorainneacha normálta.
Tálann an duán gníomhaithe tábhachtacha (reinin, eiritreapóitin, próstaglaindin is eile) agus iompraíonn an fhuil iad go dtí a spriocfhíocháin. Is iad na riochtaí a chuireann isteach ar na duáin ná glomarúlaineafraíteas, cliseadh duán, clocha úiríneacha is úiréime.
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Duán, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.