Ciste réitigh banc (drochbhanc uaireanta) ba ea an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc (CÉRB nó Irish Bank Resolution Corporation IBRC).
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gnó |
Foirm dlí | |
Téann in áit | Banc Angla-Éireannach |
Dáta a bunaíodh | 2011 |
Suíomh gréasáin | ibrc.ie |
Cuireadh an CÉRB ar bun sa bhliain 2011 nuair a cumascadh an Banc Angla-Éireannach (náisiúnaithe faoin am sin) agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.
Ar an 7 Feabhra 2013, achtaíodh an tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, chun socrú ar leith a dhéanamh maidir le CÉRB a fhoirceannadh.
Tar éis leachtú na CÉRB, cuireadh na nótaí gealltanais ón CÉRB ar ceal.
Ansin cuireadh ocht mbanna nua Státchiste le ráta comhlúthach ina n-ionad, agus rátaí an íseal ar fad. Mar sin, cuireadh bannaí Rialtais fadtéarmacha in ionad na nótaí gealltanais a soláthraíodh don CÉRB (a bhí faoi úinéireacht stáit chomh maith),
Eisíodh suim iomlán ollmhór, €25.03 billiún, do Bhanc Ceannais na hÉireann BCÉ ar an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí.
Cheadaigh an Banc Ceannais Eorpach na hoibríochtaí seo. Rinne Frankfurt lamháltas ollmhór i ndáiríre. Maoiniú airgeadaíoch i gceist, ach bhí BCE sásta neamhaird a dhéanamh de.
Mar sin shábháil an cáiníocóir in Éirinn b'fhéidir dhá billiún euro sna blianta ina dhiaidh leachtú na CÉRB (fiú sa bhliain 2021, tá roinnt ceisteanna nár réitíodh go fóill fós, ach tá an gearradh siar ar chostais na n-iasachtaithe sa siúl).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Corparáid Éireannach um Réiteach Banc, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.