Polaiteoir Meiriceánach ab ea an Ginearál Colin Luther Powell (5 Aibreán 1937 sa Bhronx - 18 Deireadh Fómhair 2021).
Cheap George H. W. Bush Powell mar ghinearál, i mbun FORSCOM, in Arm na Stát Aontaithe sa bhliain 1989.
Ó 20 Eanáir 2001, go dtí 23 Eanáir 2005, b'é Powell 65ú Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, i rialtas George W. Bush. B'é Powell an chéad pholaiteoir Afrai-Mheiriceánach sa phost seo.
Ba é Powell a thug an óráid maidir le 'hairm ollscriosúla' na hIaráice do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra 2003. Maidir le hábhar núicléach, ní bhfuarthas Ó thaobh airm a scaipfeadh galair mharfacha de, mhaígh Colin Powell os comhair cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go raibh 18 saotharlann ar rothaí ag Saddam Hussein chun na hairm seo a fhorbairt. Ní bhfuarthas oiread is ceann amháin díobh riamh. Ní bhfuarthas ach an oiread aon diúracán fadraonach ar nós Scud. Bréaga ollmhóra agus tubaisteacha a bhí ann. B'shin óráid a mbeadh "aithreachas" air faoi ar ball.
Tá taipéis a léiríonn macasamhail "Guernica" in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Cuireadh i bhfolach é nuair a bhí toscairí an Tí Bháin, le Colin Powell i mbun, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
Spreag an eachtra seo míshásamh agus fearg i measc an phobail a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh. Dúirt taidhleoirí gur chuir rialtas SAM brú ar na Náisiúin Aontaithe an taipéis a chlúdach le linn óráidí na Meiriceánach.
Thóg Condoleezza Rice an post nuair a d'éirigh Powell as. Fuair Powell bás den Covid ar 18 Deireadh Fómhair 2021.
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Colin Powell, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.