B'é Chlodovechus I (Gaeilge: Clóbhis, Clovis agus Clóvas) ) (466 – 27 Samhain 511) an chéad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin.
Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Chlodovechus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 466 (Féilire Ghréagóra) luach anaithnid |
Bás | 27 Samhain 511 44/45 bliana d'aois Páras (Impireacht na bhFranc) |
Áit adhlactha | Abbey of St Genevieve (en) |
Rí na bhFranc | |
481 – 27 Samhain 511 ← Childéric I – Theuderich I, Clodomir I, Childebert I, Clotaire I → | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Low Roman Empire (en) agus late antiquity (en) |
Eile | |
Teideal uasal | Rí na bhFranc (481–511) |
Teaghlach | Na Meirvínsigh |
Céile | banphrionsa na bhFranc Clotilde (493–511) |
Páiste | Theuderich I ( banphrionsa na bhFranc) Childebert I ( Clotilde) Clotaire I ( Clotilde) Clodomir I ( Clotilde) Ingomer ( Clotilde) Clotilde ( Clotilde) |
Athair | Childéric I agus Basina Thuringia |
Siblín | Audofleda, Lanthilde agus Aboflede |
B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóvas na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.
Tháinig triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach.
Tá croineolaíocht réimis an rí Chlodovechus I neamhchruinn nó in easnamh. Tá bunús ár n-eolais ag brath ar an méid a scríobhadh sa dara leabhair Staire (Histoire, Livre II) le Gregoire de Tours, ina ndéantar tagairt de na heachtraí seo a leanas:
Bhí Clóvas cúig bliana déag nuair a ainmníodh é mar "Rí na bhFranc", réimeas a lean ar feadh tríocha bliain. Is dócha go bhfuil bunús na fírinne sna cuntais seo « à peu de choses près ». Tugann foinsí eile le fios gur sa bhliain 511 a fuair Clóvas bás, mar sin b'fhéidir gur sa bhliain 481 (circa) a ghlac Clóvas post an rialtóra .
Seo a leanas an Chróineolaíocht:
na Réine
Bhí an t-aontas seo le bhean chéile 'den dara ghrád', ábalta síocháin a chinntiú (Gearmáinis: friedelehen), idir Ríocht na bhFranc Réineach agus Ríocht na bhFranc Sailíneach. Is minic a léirmhíníodh na staraithe Críostaí an pósadh go mícheart, gur leannán leapa agus ní bean chéile a bhí sa phósadh. Ach tharla seo de réir míthuiscint na staraithe ar nósanna na nGearmánach agus ar chomhdhéanamh polagamach na dteaghlach Gearmánach, gan phósadh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Chlodovechus I, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.