Is aonad beag, neamhspleách, soghluaiste é colún reatha (buíon aistreach uaireanta), de shaighdiúirí agus trodairí a bhogann go mear chun cogadh a fhearadh ar a namhaid, go háirithe na grúpaí sin a bhí ag feidhmiú i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn.
Dá bhíthin sin, ní iompraítear mórán trealamh agus airm. Taistealaíonn siad go mear i bhfeithiclí nó in ingearáin. Fadó, bhogadh colúin reatha de shiúl na gcos nó ar mhuin capall.
D'eagraigh Óglaigh na hÉireann colúin reatha i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn le go mbeidís in ann dul i ngleic le díormaí de phóilíní agus saighdiúirí Sasanacha. D'éirigh go geal leis an mbeartas seo mar d'fhan na Sasanaigh i ndúnta sna bailte fad is a bhí na ceantair tuaithe faoi smacht na nÓglach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Colún reatha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.