Is séadchomhartha ársa é Balla Mór na Síne, suite i dtuaisceart na tíre.
Tá an Balla ar an struchtúr is faide ar domhan. Tá sé 21,196 ciliméadar ar fad (sin 43 uair go leith níos faide ná Éire).
Deir daoine gur féidir leis na spásairí é a fheiceáil ón spás agus iad ag taisteal thart ar an domhan, más fíor sin ar chor ar bith.
Tá Balla Mór na Síne breis agus 2,300 bliain d’aois. Thóg Impirí na Síne an balla ollmhór seo mar go raibh siad ag iarraidh a naimhde ón taobh thuaidh a choimeád amach.
D’oibrigh suas le milliún duine ar an mballa agus ghlac sé 2,000 bliain é a chríochnú. Cé gur tógadh an Balla Mór le muintir na Síne a chosaint, fuair go leor Síneach bás agus iad á thógáil.
Tá spéis as cuimse ag daoine sa Bhalla Mór agus tugann na céadta míle turasóir cuairt air gach bliain. Tógadh é le daoine a choimeád amach as an tSín, ach sa lá atá inniu ann, cabhraíonn an Balla go mór leis na céadta míle duine a mhealladh ansin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Balla Mór na Síne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.