Scríbhneoir agus úrscéalaí Éireannach is ea Anne Teresa Enright, a rugadh ar 11ú Deireadh Fómhair 1962 i mBaile Átha Cliath.
Tá sé úrscéalta agus cuid mhór gearrscéalta foilsithe aici, chomh maith le saothar neamhfhicsean amháin. Scríobhann sí faoi thearmaí aingeal, breith, clann, corpíomhá mná, an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, grá agus máithreachas san áireamh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Deireadh Fómhair 1962 61 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Floruit | 2012 |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil East Anglia Coláiste Lester B. Pearson |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aiste, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, prós, léirmheastóireacht liteartha, stiúradh teilifíse agus léiriú teilifíse |
Gairm | scríbhneoir, léirmheastóir liteartha, stiúrthóir teilifíse, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, léiritheoir teilifíse |
Ball de | |
Seánra | Úrscéal |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
D'fhreastail Enright ar Ardscoil San Lughaidh, Ráth Maonais. Bhuaigh sí scoláireacht idirnáisiúnta ón Lester B. Pearson United World College of the Pacific i Victoria, an Cholóim Bhriotanach. Rinne sí staidéar ar feadh dhá bhliain don Bacclearate Idirnáisiúnta. Ina dhiaidh sin, fuair sí amach Baitsiléir Ealaíon i mBéarla agus Fealsúnacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí Scoláireacht Chevening i Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil East Anglia, Norwich. Ag an ollscoil, rinne sí staidéar faoi Angela Carter agus Malcolm Bradbury, agus fuair sí amach Céim Maistir i Scríbhneoireacht Chruthaitheach.
Bhí sí ina léiritheoir agus stiúrthóir teilifíse le RTÉ i mBaile Átha Cliath ar feadh sé bliana. Bhí sí ina stiúrthóir don chlár Nighthawks ar feadh ceithre bliana. Ina ndiaidh sin, bhí sí ina stiúrthóir do sheónna páistí ar feadh dhá bhliain. Ag an am céanna bhí sí ag scríobh ag deireadh na seachtaine. D'imigh sí ón ghairm theilifíse tar éis cliseadh, agus thosaigh sí ag scríobh lánaimseartha i 1993.
D'fhoilsigh Enright bailiúchán gearrscéalta The Portable Virgin i 1991. Bhuaigh an leabhar an Duais Rooney (don Fhicsean Éireannacha) i 1991.
Foilsithe an chéad úrscéal Enright, dar teideal The Wig my Father Wore, i 1995. Féachann an scéal faoi théamaí mháithreachas, grá, aingeal, agus an eaglais. Titeann an príomhcharachtar, Grace, i ngrá le haingeal darbh ainm Stephen, a fuair bás i 1934.
D'fhoilsigh sí úrscéal eile, What are You Like? i 2000, scéal faoi chúpla comhionann, Marie agus Maria, a thógadh i dtír éagsúla, i Londain agus i Nua-Eabhrac.
I 2002, scríobh Enright an t-úrscéal The Pleasure of Eliza Lynch, leagan ficsin de shaol Eliza Lynch, bean Éireannach agus an bhean is cumhachtach i bParagua san aois 19ú.
Scríobh Enright Making Babies: Stumbling into Motherhood i 2004, bailiúchán aistí ionraic agus greannmhar faoi mháithreachas agus tinneas clainne.
Bronnadh an Duais Booker ar Enright i 2007 as an úrscéal The Gathering. Scéal é seo faoi chlann a bhailigh le chéile tar éis báis a dheartháir alcólach Liam, ó radharc a dheirfiúr Veronica a raibh ba ghaire de.
Scríobh Enright dhá bhailiúchán gearrscéalta eile, Taking Pictures i 2008 agus Yesterday's Weather i 2009.
D'fhoilsigh sí an t-úrscéal The Forgotten Waltz i 2011, scéal faoi ghrá adhaltrach idir Gina agus Séan, iad pósadh do dhaoine eile. Tá an scéal suite in Éirinn, timpeall thobchliseadh an gheilleagair. Bhuaigh The Forgotten Waltz an Bonn Carnegie as Barr Feabhais Ficsean i 2012.
Scríobh sí an chéad úrscéal eile The Green Road i 2015, a insíonn dúinn faoi chlann Madigan, an mháthair Rosaleen agus a pháistí, ó 1980 go 2005. Bhuaigh The Green Road an Duais Kerry Group Irish Fiction i 2016. Thug na criticeoirí ardmholadh don leabhar seo.
D'fhoilsigh sí an t-úrscéal Actress i 2020. I 2021, ainmníodh é don Ghradam Litreacha Deilginis - Úrscéal na Bliana agus don Duais Ficsean na mBan.
Scríobhann Enright le go leor irisí agus nuachtáin, The Irish Times, The Guardian, The New Yorker, The Paris Review, The Dublin Review agus London Review of Books ina measc.
Scríobhadh í le BBC Radio 4 agus léirmheas le RTÉ chomh maith.
Bronnadh an Chomhairle Ealaíon uirthi an gradam 'Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach' ó 2015 go 2018, an chéad uair a bronnadh an gradam.
Thosaigh sí ag múineadh i Scoil an Béarla i COBÁC, ag tús an bhliain acadúil 2018-2019.
Tá sí pósta ar Martin Murphy, comhairleoir ealaíon leis An Chomhairle Ealaíon. Tá beirt chlainne orthu, cailín agus buachaill. Tá cónaí orthu i mBré, Chontae Chill Mhantáin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Anne Enright, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.