An Spailpín Fánach: Dán agus amhrán traidisiúnta Gaeilge

Is dán tírghrá Gaeilge é An Spailpín Fánach, le file anaithnid.

Infotaula de cançóAn Spailpín Fánach
Cineáldán
amhrán
Teangaan Ghaeilge
An Spailpín Fánach

Im spailpín fánach atáim le fada
ag seasamh ar mo shláinte,
ag siúl an drúchta go moch ar maidin
's ag bailiú galair ráithe;
ach glacfad fees ó rí na gcroppies
cleith is píc chun sáite
's go brách arís ní ghlaofar m'ainm
sa tír seo, an spailpín fánach.

Ba mhinic mo thriall go Cluain gheal Meala
's as san go Tiobraid Árainn
i gCarraig na Siúire thíos go ghearrainn
cúrsa leathan láidir
i gCallainn go dlúth 's mo shúiste im ghlaic
ag dul chun tosaigh ceard leo
's nuair théim go Durlas 's é síud bhíonn agam -
'Sin chu'bh an spailpín fánach'

Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
ag dío ná ag reic mo shláinte
ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla,
im scaoinse ar leataoibh sráide
bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
á fhiafraí an bhfuilim hiréalta;
'téanam chun siúl, tá an cúrsa fada'-
siúd siúl ar an spailpín fánach

Brí an Teideal

Ciallaíonn ‘An Spailpín Fánach’ ,‘The Wandering Farm Labourer’. Bhí an spailpín mar t-oibrí séasúrach in Éirinn ón 17ú haois go dtí tús an 20ú haoisBhí air cur na mbarraí i rith an earraigh, ag baint an fhéir i rith an t-samhraidh agus ag baint na bprátaí agus an arbhair i rith an fhómhair Bhí saol deacair ag an spailpín fadó. Bhí ar an spailpín taistil ó áit go háit ag lorg oibre. Bhí an obair an dian agus fisiceach, fuair sé pá íseal agus ní raibh meas ag na tiarnaí talún don spailpín. De ghnáth, bhí an spailpín mar feirmeoir beag, a bhí eolas aige faoi talamh agus a bhí go ginerálta bocht le teaghlach. Bhí sé ag iarradh an t-airgead chun aire a thabhairt dóibh. Thosaigh na mná ag obair chomh maith san 19ú haois, bhí siad ag obair sna páirceanna ina raibh prátaí. É sin ráite, róimhe seo, thug siad tacaíocht do na fir agus iad ag taisteal, d’iarr siad ar dhaoine le haghaidh bia agus airgead chun an teaghlach a choinneáil beo agus iad ag fanacht ar na fir chun filleadh abhaile.

Cúlra an Dáin

Ag an am, bhí na Sasanaigh i gceannas ar Éire. Bhí na plandáilithe críochnaithe agus bhí na péindlithe i bhfeidhm sa tír seo. Mar thoradh, ní raibh cead ag na caitligh dul go dtí an aifreann agus ní raibh cead acu vótáil ach an oiread. Bhí na gnáthdaoine faoi bhois an chait ag an uas-aicme Bhí an chumhacht go léir ag na tiarnaí talún agus bhí gach duine eile beo bocht. Ina dhiaidh sin, bhí idirdhealú ar siúl in aghaidh na Caitlicigh. Sa seachtú agus ochtú aois déag, bhí cúrsaí in Éirinn an-mhíchothrom agus bhí deighilt mór idir an uaslathas agus na gnáthdaoine. Bhí na ‘croppies’ nó na ceannaircigh ag troid in aghaidh na Sasanaigh agus ba mhinic go raibh siad curtha chun báis dá bharr. Bhí an bhochtaineacht agus an foréigean ar fud na háite, Bhí na spailpíní ag bun an dréimire. Ní raibh aon stadás nó ceartanna acu. Caitheadh anuas orthu agus caitheadh go dona leo. Ní raibh an dara rogha acu ach dul ag taisteal ó áit go háit, ag lorg oibre ar na feirmeacha mhóra. Is spailpín é an príomhphearsa sa dán seo, agus ní mó ná sásta air lena shaol.

An File

Níl fios againn cé a chum an dán seo. Is cosúil gur scríobhadh é faoi dheireadh an 18ú hAois. San am sin bhí a lán daoine ag scríobh filíocht agus bhí a lán daoine ag obair ar fheirmeacha. Ní slí beatha a bhí ann ach bhí sé mar chaitheamh aimsire do baill an chléir, feirmeoirí, ceardaithe agus máistreoirí scoile. Is oibrí feirme a bhí san fhile seo, bhí sé mar sclábhaí feirme, 'spailpín' a bhí sé. Tugann an file léiriú dúinn ar chruatán an tsaoil i measc na cosmhuintire san 18ú haois agus faighimid eolas cuimsitheach ar an dtrémhese a bhí na hÉireannaigh faoi smacht na nGall.

Príomhsmaointe an Dáin

Is seo dán faoi shaol an spailpín sa seansaol. Bhí saol crua ag an spailpín fadó, bhí siad i gcónaí ag curdach oibre. Ní raibh sláinte ro-mhaith acu. Bhí an spailpín seo iontach olc leis a shláinte. Mar a deireann sé "Ag seasadh ar mo shláinte, Ag siúl an drúchta go moch ar maidin,‘S ag bailiú galair ráithe,". Bhí sé ag obair ar fheirmeacha mar lámh chuideachta do na feirmeoirí. Ní raibh obair ar bith eile aige. Ní raibh dúil aige sa phost seo agus go háirithe sna Sasanaigh ach an oiread. Níl meas aige ar na Sasanaigh. B’fhearr leis an spailpín troid le píce ná fanacht cois balla ag fanacht ar na feirmeoirí saibhre. " Ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cleith is píc chun sáite".

Téamaí an Dáin

An Fheirm

Tá an spailpín ag cuardach oibre ar an bhfeirm mar níl aon obair aige. Níl talamh ar bith aige féin. Bíonn sé ag obair sna páirceanna go hiontach luath ar maidin " ag siúl an drúchta go moch ar maidin". Tá sé ag obair ar an bhfeirm cosúil le sclabhaí, ní fhaigheann sé mórán airgid. Bíonn sé ag obair go crua ar pá íseal. Níl meas madra ag daoine ar an spailpín. Tá ar an spailpín obair séasúrach a dhéanamh agus mar gheall ar seo faigheann sé galair shéasúir. Cuireann an obair isteach go mór ar a shláinte: " Ag díol na ag reic mo shláinte".

Tírghrá

Is téama eile é an tírghrá sa dán seo. Tá Éirí Amach 1798 ar siúl sa dán agus tá an spailpín ar tí earcú sna hÉireannaigh Aontaithe chun saoirse a bhaint amach. Feicimid cruatan an tsaoil, tarcaisne dona feirmeoirí, agus leadrán na hoibre. B’fhearr leis an spailpín troid le píce ná fanacht cois balla ag fanacht ar na feirmeoirí saibhre. "cleith is píc chun sáite".

Taisteal

Téann an spailpín ó áit go háit ag cuardach oibre ó 'Tiobraid Árann' go 'Callainn'. Cuireann an dán béim ar an bochtanas a bhí ann ag an am, bhí ar mhuintir na hÉireann dul thart an tír agus i gcásanna dul ar imirce ag cuardach obair chun airgead a fháil. Bhí an taisteal agus an imirce séasúrach laistigh d'Éirinn agus go dtí an Bhreatain ina pháirt thábhachtach de saol mhuintir na hÉireann thar na céadta bliain, go háirithe tar éis an Gorta Mór. Ag deireadh an dáin tá sé le feiceáil nach bhfuil shláinte an spailpín ro-mhaith mar gheall ar an taisteal a bhí le déanamh aige fríd a saol.

Easpa Saoirse

Bhí na hÉreannaigh faoi smacht na nGall. Ní raibh talamh ar bith acu ag an am agus mar sin bhí orthu obair mar sclabhaí do na Sasanaigh. Tá an spailpín mar siombail don easpa saoirse. Sa dán, tá muintir na hÉireann agus an spailpín faoi bhois chait ag na nGall. É sin ráite, tá siad uilig ag lorg athrú ina shaol, Tá siad uilig bréan den stiogma agus an dímheas ó na Sasanaigh. Teastaíonn ón spailpín agus muintir na hÉireann neamhspleáchas a fháil. Tá siad ag súil le tír saor agus ag iarradh deireadh chur leis an bhfulaingt. - " Go deo deo arís ní raghad go Caiseal, Ag díol ná ag reic mo shláinte, Ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla, Im scaoinse ar leataoibh sráide".

Na Teicníoochtaí Filíochta

Is dán fáthchiallach é an dán seo. Úsáideann an file meafar sa dán seo ina dhéanann sé/sí comparáid idir an spailpín agus an easpa saoirse a bhí ag muintir na hÉireann fadó.

Íomhánna

Cruthaíonn an file íomhanna sanraíoch sa dán. Faigheann muid íomhá bhrónach den spailpín sa dán seo. Tá ar dul ó áit go háit ag lorg oibre agus bíonn sé tinn go minic fosta. Is sclabhaí feirme é an spailpín sa dán seo. Ba shaol crua, garbh a bhí ag an spailpín agus ní raibh meas madra ag éinne air. Go minic bíonn air éirí go moch ar maidin aguis oibriú sa drochaimsir. " Ag siúl an drúchta go moch ar maidin 's ag bailiú gala ráithe". Bíonn sé ag obair do na feirmeoirí móra, agus baineann sé féararbhar, Bhí cúrsaí in Éirinn míchothrom agus an-dian. Bhí na Sasanaigh i gcumhacht agus chuir siad náire ar an spailpín agus ar na daoine. Bhí a fhios ag an spailpín go raibh sé níos fearr agus níos cliste ná na feirmeoirí. Tá sé go maith ag an obair a dhéanann sé agus tá sé bródúil as féin. “i gCallainn go dlúth ‘s mo shúiste im ghlaic ag dul chun tosaigh ceard leo”.

Tá idir fearg agus náire sna híomhánna i véarsaí a trí. Nuair a smaoiníonn sé ar an saol atá aige tá náire an domhain air. Ceapann an spailpín go bhfuil sé bocht ach níl rogha aige ach dul ag obair do na bodairí seo. “bodairí na tíre ag tíocht ar na gcapaill á fhiafraí an bhfuilim hireálta”. Tá an spailpín ag gearán sa tríú véarsa fosta. Tá íomhá dearfach le baint leis an véarsa seo. Tá an spailpín i ndeireadh na feide agus ba mhaith leis dul ag troid leis na croppies chun na Sasanaigh a chaitheamh amach as an tír. Tá an spailpín uaillmhianach agus dírithe sna línte seo. “Ní raghad go Caiseal ag díol na ag réic mo shláinte” / “téanam chun siúil, tá an cúrsa fada”.

Feicimd frustrachas an fhile sa dán seo mar níl meas ag éinne air, níl sé sásta leis an saol seo. Is fuath leis go bhfuil daoine ag féachaint anuas air mar cheapann sé go bhfuil sé níos fearr ná na bodairí, ‘’s go brách arís ní glaofar m’ainm sa tí seo an spailpín fánach’. Taispeánann sé sin go bhfuil sé frustrach den íomhá atá air mar spailpín toisc nach bhfuil aon dínit aige.

Faigheann muid léargas do híomhánna an-éifeachtach atá ag taispeáint dúinn an saol mar a bhí sé ar ais ansin.

Mothúcháin an Dáin

Fearg

Tá fearg ar an spailpín agus é rinn tuirseach den saol. Tá a chroí briste agus tá sé in ísle brí mar gheall ar na Sasanaigh agus an dímheas. Níl mórán funnimh fágtha aige anois, tá sé ina sheanfhear craite gan mórán airgid. Chaith sé tamall ag imeacht ó áit go háit ag cuardach oibre agus bhí fuath aige ar na Sasanaigh. Thóg na Sasanaigh an fheirm on spailpín fánach. Bhí fearg air go háirithe in éadan na feirmeoirí móra a bhí ag amharc anuas air.

Bród

Bhí an spailpín bródúil as féin. Bhí sé ag obair go cruaidh ag baint fhéir agus mar sin de. Deireann sé féin go bhfuil sé níos fearr ná aon oibrí eile " mo shúiste im ghlac / ag dul chun tosaigh ceard leo". Chomh maith le sin bhí an spailpín an bródúil as a tír. B’fhearr leis an spailpín troid le píce ná fanacht cois balla ag fanacht ar na feirmeoirí saibhre. " Ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cleith is píc chun sáite". Bhí sé ag troid ar son 'Rí na gCroppies' agus ar son saoirse nuair a bhí sé níos óige.

Brón

Cuireann sé brón orainn an spailpín a shamhlú ina sheasamh ar thaobh na sráide ag fanacht ar na feirmeoirí móra ag an maragadh. Bhí air éirí go luath agus bhí a shláinte i mbaol ón obair feirme. Saol brónach gan dínit a bhí ann. Ar an taobh eile tá brón ann mar gheall ar an easpa saoirse atá ag an spailpín agus múinitr na hÉireann mar bhí na hÉireannaigh faoi smacht na nGall.

Féintrua /Trua

Tá féintrua ar an spailpín mar go bhfuil saol mar seo aige, agus mar go mbíonn sé tinn go minic. Tá an spailpín brónach agus tuirseach traochta de bheith ag obair mar sclabhaí feirme in áiteanna difriúla timpeall na tíre. Lá i ndiaidh lae tá sé ag fulaingt agus ag streachailt. “Ag díol ná ag reic mo shláinte”. Braithim a lán trua fa choinne an spailpín bocht. Bhí na filí, a bhí saibhir uair amháin, beo bocht anois agus ní raibh meas madra ag aon duine orthu. Bíonn daoine ag féachaint anuas air cé go bhfuil sé ina fhear chliste. “Sin chúibh an spailpín fánach”. Tá fhios againn nach bhfuil an spailpín sásta lena shaol agus go bhfuil gruama air.

Tá na mothúcháin sa dán seo iontach éifeachtach mar tá muid ábalta mothú gach focail a scríobhann an file.

Atmaisféar an Dáin

Tá atmaisféar brónach agus caite sa dáin. Tá easpa- funnimh ag an spailpín mar tá sé tinn tuirseach den saol. Faigheann muid atmaisféar dorcha ón dán seo, tá an spailpín i ísle brí ag smoaineamh siar ar an saoirse a bhí aige agus ag déanamh codarsnacht idir é agus an easpa saoirse atá aige anois. Tá é féin agus na hÉireannaigh ag fulaingt agus faoi brú na nGall.

Athrá

Baineann an file úsáid as athrá sa dáin - 'An Spailpín Fánach'. Cuireann seo béim ar an drochshaol a bhí ag múintir na hÉireann fadó. Bhí siad bocht, le drochshláinte agus ag fulaingt. Ní ligean an file dúinn dearmard a déanamh ar na hÉireannaigh fado.

Logainmneacha

Tá a lán áiteanna luaite sa dán seo; Callan, Caiseal, Carraig na Siúire agus Durlas. Cuireann sé seo le hinchreideacht an dáin agus tugann siad údaracht agus cúlra fíor, stairiúil dó.

Codarsnacht/Comparáid

Idir na gnáthdhaoine agus na ‘bodairí’. Feirmeoirí móra ramhra iad, ach daoine beo bocht iad na spailpíní. Bhí na feirmeoirí ag dul timpeall ar capaill ag lorg oibrí chun an obair crua a dhéanamh ach bhí na spailpíní ag siúl ó áit go háit go moch ar maidin, ag éirí tinn ag díol a gcuid saoirse.

Friotal

Is dán deacair é an dán seo. Tá caighdean ard Gaeilge léirithe ag an file. Éiríonn leis an bhfile saol an spailpín a chur os ár gcomhair go héifeachtach.

Friotal – láidir chun an saol crua a chur in iúl go soiléir – ar nós ‘ag bailiú galair ráithe’. Focail ealaínte ach lán le neart iad. Cruthaíonn siad pictiúr soiléir dúinn den saol crua a bhí ag an spailpín. Anuas ar sin tá ‘ag siúl an drúchta’ fíor suntasach, ealaínte agus láidir. Tá sé soiléir ón líne seo go raibh air éirí go luath agus bheith I gcónaí ag bogadh ach is líne fileata deas fós é agus cruthaíonn sé pictiúr den tírdhreach álainn go moch ar maidin.

Cruthaíonn an file an beag dínit atá aige sa chéad líne 'Im spailpín fánach atáim le fada'. Is téarma dímheasú é 'spailpín'.

Leis an líne 'go deo deo arís ní raghad go Caiseal' éiríonn leis an bhfile dóchas an spailpín agus na hÉireannaigh a chur i láthair. Tá siad tinn tuirseach den saol agus an fulaingt, tá siad réidh chun dul ag troid le na Sasanaigh.

Baintear úsáid an-éifeachtach as uaim sa dán; “leathan láidir” agus “seasamh ar mo shláinte”. Úsáidtear é chun béim a leagan ar fhocail áirithe. Tá sé suntasach sa líne deireanach “siúd siúl ar an spailpín fánach”. Sa chás seo tuigimid go bhfuil an file chun leanúint ar aghaidh ag obair go dian dícheallach, mar níl an dara suí sa bhuaile aige. Baintear úsáid as rím chomh maith.

Cuireann uaim agus rím le ceol na bhfocal agus cuireann sé béim ar theachtaireacht an dáin mar go mbíonn sé níos éasca cuimhneamh ar ráiteas an fhile: " seasamh ar mo shláinte", "siúd siúl an spailpín fánach".

Dán / Amhrán

Is dán agus amhrán é 'An Spailpín Fanach'.

Tá leagan chun éisteacht leis an dán anseo agus leagan den amhrán anseo.

Tagairtí

Tags:

An Spailpín Fánach Brí an TeidealAn Spailpín Fánach Cúlra an DáinAn Spailpín Fánach An FileAn Spailpín Fánach Príomhsmaointe an DáinAn Spailpín Fánach Téamaí an DáinAn Spailpín Fánach Na Teicníoochtaí FilíochtaAn Spailpín Fánach FriotalAn Spailpín Fánach Dán AmhránAn Spailpín Fánach TagairtíAn Spailpín FánachGaeilge

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Fisic mhatamaiticiúilVaimpír (ialtóg)ÁirseAn fearann poiblí1947ImleacánKanye WestLeabharlann Náisiúnta na hAlbanPríomhleathanachIMRAMAn Dún Theas (Toghcheantar Tionóil)DlíCarles PuigdemontJohn L. Murray (breitheamh)Gnóthaí poiblíPornhubNeil FlynnFionn mac Cumhaill12ú haoisCorp an duineAn AstráilAn tSeapáinSíleáilCreideamhContaetha in MissouriCamino de SantiagoCósta RíceAoinePatrick BrownTeangeolaíochtContaetha na hÉireannHenri GiffardToilleoir (leictreonaic)AthnuachanRialtas1 NollaigBeirlínGalileo GalileiStairMahabharataCultúrSraithchomórtas Iomána NáisiúntaÉileapsóideachPádraig Mac SuibhnePoblacht na hÉireannScaindiamCúiseamh Donald Trump i Nua-EabhracAeróg (leictreonaic)FilíochtMéasón17ú haois RCLochlannaighMachaire1920Páirtí Aontachtach DaonlathachCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014ConfadhMyrna Loy1859An tAontas SóivéadachClocha ceangailte agus madraí scaoilteFTPMahamadJoe BidenCorn FIFA an Domhain 2014Sóivéid (comhdháil)Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha (Toghcheantar Tionóil)Naomh Pádraig🡆 More