Sclábhaíocht

Is córas oibre éigeantais í an sclábhaíocht nó an tráilleacht .

Bíonn ar na sclábhaithe obair a dhéanamh dá n-úinéirí gan mórán pá, nó pá ar bith.

Sclábhaíocht
Trádáil sclábhaithe, St. Paul de Loando, 1854, Livingstone
Sclábhaíocht
Sclábhaíocht i Richmond, Virginia, SAM, 1853.

Ar feadh trí chéad bliain go leith, rinne muintir na hEorpa creach ar mhuintir na hAfraice agus thugadar iad go dtí an taobh eile den Atlantach ina sclábhaithe.

Stair

Sa bhliain 1535,thosaigh na Spáinnigh a thabhairt sclábhaí isteach ón Afraic, idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán i Veracruz (Meicsiceo). D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile. An rud is annamh is aisteach, agus cuireadh an sclábhaíocht ar ceal sa bhliain 1570 i mbaile beag, in Veracruz i Meicsiceo, faoi stiúir Gaspar Yanga. B'shin an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh.

1770idí sna Stáit Aontaithe

Ar an 14 Aibreán 1775 i bhFilideilfia,, bunaíodh an Society for the Relief of Free Negroes Unlawfully Held in Bondage. nó mar atá aithne air inniu, an Pennsylvania Abolition Society. Seo an chéad ghrúpa a bhí i mbun feachtais ar son chealú na sclábhaíochta ar fud na gcríocha as a ndearnadh Stáit Aontaithe Mheiriceá ina dhiaidh sin.   

1790idí, réabhlóid na Fraince agus Haiti

Cúlra

Ní raibh na Spáinnigh sásta leis na bundúchasaigh mar lucht oibre i Haiti, agus chomh luath leis an mbliain 1517, thosaigh siad ag tabhairt isteach sclábhaithe ón Afraic. D'éalaigh cuid mhór Afracánach uathu, áfach, agus fuair siad dídean ag na bundúchasaigh dheireanacha. Mar sin, meascadh an dá chine seo trí chéile, agus is as an meascán sin a fáisceadh formhór mór mhuintir na hEaspainneola atá ann inniu. Sa 18ú haois, bhí siúcra agus tobac á saothrú sa choilíneacht seo, agus an eacnamaíocht bunaithe ar an sclábhaíocht: na mílte sclábhaithe Afracacha ag obair ar mhaithe le daonra beag Francach.

Sclábhaíocht 
Sclábhaíocht, aoir pholaitiúil, Sasana 1738

Saoirse

Ar an 4 Feabhra 1794, chuir Poblacht na Fraince an sclábhaíocht ar ceal.

Nuair a thosaigh an réabhlóid san Fhrainc, d'éirigh na sclábhaithe i Saint-Domingue míshuaimhneach freisin, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na Francaigh. Sa bhliain 1792, chuir rialtas na Fraince fórsa sluaíochta go Saint-Domingue leis an tsíocháin a chur ar bun ansin arís.

Ansin, tháinig Toussaint d'Ouverture chun tosaigh. Iar-sclábhaí a bhí ann a chuir arm dá chuid féin i dtoll le chéile, agus d'éirigh leis ruaigeadh a chur ar an líon eachtrannach a bhí ann.

Indiacha Thiar

Sclábhaíocht 
International Slavery Museum, Learpholl

Tharla Éirí Amach Bussa i mBarbadós ar 14–16 Aibreán 1816. Chuir an réabhlóid seo tús le sraith reibiliún mór de chuid na sclábhaithe sna hIndiacha Thiar in imeacht na gcúig bliana déag ina dhiaidh sin. Bhrostaigh na himeachtaí seo cealú na sclábhaíochta ar fud Impireacht na Breataine trí an Acht um Chealú na Sclábhaíochta, 1833.

Learpholl

Ba í Learpholl an calafort sclábhaíochta ba mhó san Eoraip ón mbliain 1750 ar aghaidh. D'fhás an trádáil leis na hIndiacha Thiar agus rinneadh brabús mór as an sclábhaíocht sa 18ú haois. D'fhás an chathair go mór ar an trádáil triantánach: airm, slabhraí, earraí cadáis á n-easpórtáil chun na hAfraice, sclábhaithe á dtabhairt go Meiriceá Thuaidh agus Láir, agus cadás, tobac agus siúcra á n-iompórtáil ó na coilínigh. Faoi thús an 19ú haois, bhí 40% de thrádáil an domhain ag dul trí Learpholl.

Ar an 1 Lúnasa 1833, chuir an Bhreatain deireadh le sclábhaíocht.

Sclábhaíocht 
Bunaíodh an cumann sa Rising Sun Tavern (le Joseph Pennell, 1880).

Suranam

Chealaigh an Ísiltír an sclábhaíocht i Suranam i 1863, ach níor scaoileadh na sclábhaithe saor go hiomlán go dtí 1873, tar éis tréimhse éigeantach deich mbliana ina raibh orthu oibriú ar phá suarach agus gan ghnáthsmacht stáit. A luaithe a bhain siad saoirse iomlán amach thréig an chuid is mó acu na plandálacha agus thug a n-aghaidh ar chathair Paramaribo. Bhí gá le hoibrithe fós agus tugadh isteach ar conradh iad ó na hIndiacha Thoir Ollannacha (an Indinéis) agus ón India (de bharr socrú a rinneadh leis n mBreatain). Ina theannta sin, tugadh roinnt bheag oibrithe isteach i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois ón tSín agus ón Meánoirthear.

Sclábhaíocht 
Jean-Baptiste Debret, roimh 1823

Cartúm

Sclábhaíocht 
Agóid i Nua-Eabhrac, 1909

Cartúm (an tSúdáin san Afraic): Ionad sclábhaíochta a bhí ann sa 19ú haois. Thosaigh an arm na himpireachta ag gabháil sclábhaithe sa deisceart le húsáid mar shaighdiúirí, nó le hiad a dhíol. Tógadh na sclábhaithe ón deisceart, an tSúdáin Theas srl. Faoi bhrú na 'cumhachtaí móra', rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht seo a chosc sna 1840idí. I ndeireadh na dála, d'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais faoi cheannas Muhammed Ahmed,

Brasaíl

Ar 14 Bealtaine 1888, chuir an Lei Áurea an sclábhaíocht ar ceal sa Bhrasaíl, an tír dheireanach a tharla sin i measc na n-áiteanna ar tugadh isteach iontu í mar gheall ar an trádáil thrasatlantach sclábhaithe.

Sclábhaíocht 
an long, the "Brookes", 1839

An trádáil thrasatlantach

Tháinig meath ar an sclábhaíocht san Eoraip, ach thosaigh na hEorpaigh ar sclábhaithe a thabhairt ón Afraic thar an Atlantach. Bhí an trádáil sclábhaithe seo faoi lán seoil ón 17ú haois go dtí an 19ú haois. Na príomhthíortha a bhí páirteach ann ná

Cealú na sclábhaíochta

Sclábhaithe

Ceannaí sclábhaithe

Sna seansibhialtachtaí

Téann stair na sclábhaíochta siar go tús stair an chine dhaonna. Bhí sclábhaithe ann i seansibhialtachtaí na cianaimsire mar shampla an tSean-Éigipt, an tSean-Ghréig agus Impireacht na Róimhe.

An sclábhaíocht sa lá atá inniu ann

Meastar go bhfuil go leor daoine ag obair mar sclábhaithe fós, i dtíortha áirithe san Afraic go mór mhór.

Féach freisin

Naisc

Tagairtí

Tags:

Sclábhaíocht StairSclábhaíocht An trádáil thrasatlantachSclábhaíocht Cealú na sclábhaíochtaSclábhaíocht SclábhaitheSclábhaíocht Ceannaí sclábhaitheSclábhaíocht Sna seansibhialtachtaíSclábhaíocht An sclábhaíocht sa lá atá inniu annSclábhaíocht Féach freisinSclábhaíocht NaiscSclábhaíocht TagairtíSclábhaíocht

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Cathair PheadairPápa Leon XRita OraMeiriceá ThuaidhCogadh Iosrael–Hamas agus an comhthéacs idirnáisiúntaJulian SchwingerÉire (Poblacht na hÉireann)Teampall ChaomháinPatelloideaLáithreán GréasáinGlacaireachtEolaíocht leabharlainne agus faisnéise14 AibreánPáirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)Arm na Stát AontaitheLá Fhéile PádraigCaisleán an BharraighToni CollettePinocchio (scannán 1940)Cristiano RonaldoAicmiú aeráide KöppenCumarsáidAer LingusFuaim cheathairfhónachOistéairtríteasIaidínDéardaoinSupermanLann FhíonainLADTEallachMicrosoftVigdís FinnbogadóttirRéaltacht fhíorúilBaile StrudairEoin SoiscéalaíAn MhaoraisJōetsuTriomachConradh na GaeilgeFeamainnPádraig Mac SuibhneSasanaIdirlíonTrasphlandú orgán8 (uimhir)Aimsir na bliana 2023Rís (grúpa ceoil)RMS TitanicLinkedInLuftwaffeLá Fhéile VailintínAontúCiclipéidRenua ÉireannParaíbaAn EilvéisArd MhachaNa TrioblóidíSiobhán McSweeneyAn MachaireAn AirméinConcas na Spáinneach ar Impireacht na nInceachMiotalóireachtG-20An tAigéan CiúinBásLárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha (An Fhionlainn)Ramón J. SenderAasmund Olavsson VinjePornhubNiaibiamAeráidAn Tuircis🡆 More