Íomhá den Domhan is ea an Mirlín Gorm (Blue Marble as Béarla) a tógadh ar an 7 Nollaig 1972, thart ar 29,000 ciliméadar (18,000 míle) ó dhromchla an phláinéid.
An criú ar spásárthach Apollo 17 a ghlac an ghrianghraf ar a bhealach go dtí an Ghealach. Tá sé ar cheann de na híomhánna is mó a ndearnadh atáirgeadh air sa stair.
Cineál | grianghraf | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Apollo 17 | |||
Cruthaitheoir | Harrison Schmitt; Ronald Evans; Eugene Cernan | |||
Dáta a bunaíodh | 7 Nollaig 1972 | |||
Seánra | astrophotography (en) | |||
Bunaithe ar | AS17-148-22727 | |||
Léirítear an Domhan ón Meánmhuir go dtí an Antartaice. Ba é seo an chéad uair a d'éirigh le misean Apollo grianghraf a ghlacadh d'oighearchaidhp an Phoil Theas, in ainneoin go raibh brat scamall ar an leathsféar theas. Chomh maith le Leithinis na hAraibe agus Madagascar, tá cósta iomlán na hAfraice agus an chuid is mó den Aigéan Indiach le feiceáil go soiléir.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Mirlín Gorm, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.