Is í an Chiméiris, nó an Chambóidis, teanga oifigiúil na Cambóide.
Ceann de na teangacha Astráiseacha í, cosúil leis an Vítneaimis, agus í ó dhúchas ag cúig mhilliún déag de dhaoine, a bheag nó a mhór - is deacair líon cruinn na gcainteoirí a shocrú, agus is féidir go bhfuil fiche milliún acu ann. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na cainteoirí sa Chambóid féin, ar ndóigh, ach tá diaspóra mór ann i dtíortha eile, ar nós na Téalainne, na Fraince, na hAstráile agus na Stát Aontaithe. Tá gaol sách gar aici leis an teanga Mon, a bhí ina teanga thábhachtach in Oirdheisceart na hÁise tráth, cé go bhfuil a cuid cainteoirí scaipthe ar fud an réigiúin anois. Fuair an Chiméiris cuid mhór focal ón bPáilis agus ón tSanscrait, toisc gur teangacha tábhachtacha iad siúd i gcreideamh na tíre, an Búdachas. Is follasach go raibh an-tionchar ag teangacha beo an réigiúin ar an gCiméiris fosta, an Téalainnis agus an Vítneaimis mar shampla.
ភាសាខ្មែរ agus ខ្មែរ | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 16,600,000 (2019) |
Dúchasach do | an Chambóid, Long An, An Giang, Đồng Tháp, Kiên Giang, Bạc Liêu, Cà Mau, Hậu Giang, Cần Thơ agus Cathair Ho Chi Minh |
Stáit | an Chambóid agus Vítneam |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Austric (en) Austroasiatic (en) Mon-Khmer (en) Eastern Mon-Khmer (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Khmer (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | km |
ISO 639-2 | khm |
ISO 639-3 | khm |
Glottolog | khme1253 |
Ethnologue | khm |
ASCL | 6301 |
IETF | km |
Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Chiméiris. Tá córas scríbhneoireachta dá cuid féin ag an gCiméiris, ar a dtugtar aksar khmer, agus is aibítir shiollach é.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Chiméiris, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.