Síciatraí, paiteolaí na hinchinne agus Gearmánach ab ea Alois Alzheimer (a rugadh ar 14 de mhí an Mheithimh 1864 agus a fuair bás 19 de mhí na Nollag 1915).
Comhghleacaí agus dlúthchara le Emil Kraepelin ab ea é. Rinne sé an céad chur síos cruinn ar an galar intinne ar a thug Kraepelin Galar Alzheimer air.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Meitheamh 1864 Marktbreit |
Bás | 19 Nollaig 1915 51 bliana d'aois Wrocław |
Siocair bháis | Fiabhras réamatach |
Áit adhlactha | An tSean-Reilig Ghiúdach |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Würzburg Ollscoil Tübingen Ollscoil Humboldt Bheirlín |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Síciatracht agus néarapaiteolaíocht |
Gairm | síciatraí, múinteoir ollscoile, néareolaí, eolaí néarchórais, néarapaiteolaí, dochtúir leighis |
Fostóir | Ollscoil Wrocław Ollscoil Ludwig Maximilian, München |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Sa bhliain 1901 is ea a chasadh othar den ainm Frau Auguste D. ar Alzheimer. Bhí caoga haon blianta slánaithe aici ach bhí a cuimhne do rudaí a tharla le déanaí loite. Rinne Alzheimer dianstaidéir is faire uirthi. Tar éis bás di sa bhliain 1906, rinne sé staidéar chruinn paiteolaíochta ar a hinchinn.
Rinne Alzheimer fionnachtain mhór nuair a nochtadh sé den chéad uair lorg áirithe an ghalair in a hinchinn.
Ar an tríú lá de mhí na Samhna sa bhliain 1906, thug Alzheimer an chéad chur síos cruinn ar an tinneas agus an paiteolaíocht bainteach leis i léacht. Níorbh fhada gur scaip a chlú agus gur thuig síciatraithe i gcoitinne foirfeacht a éacht.
Fuair Alzheimer a dhintiúr mar lia sa bhliain 1887 in ollscoil Würzburg. Ghlac sé post mar shíciatraí in Frankfurt am Main i dteach na ngealt (Die Städtische Anstalt für Irre und Epileptische). Bhuail sé le Franz Nissl agus is uaidh a d'fhoghlaim sé modhanna paiteolaíochta a úsáideach sé go torthúil is é ag déanamh staidéar ar inchinne a chuid othair.
Ceapadh Alzheimer mar Ollamh le síciatracht in Ollscoil Breslau sa bhliain 1912.
D'éag Alzheimer i mBreslau ar 19 Nollaig 1915; bhí fadhbanna aige lena chroí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Alois Alzheimer, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.