Scríbhneoir agus réabhlóidí Rúiseach sa naoú haois déag ab ea Aleksandr Ivanovich Herzen, nó Gertsen (Rúisis: Алекса́ндр Ива́нович Ге́рцен).
Saolaíodh ar an séú lá de Mhí Aibreán 1812 i Moscó é, agus fuair sé bás ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1870 i bPáras. Glactar leis gurbh eisean a thug an chéad spreagadh intleachtúil don tSóisialachas sa Rúis, agus gurbh é a thionchar indíreach ba chúis leis gur saoradh seirfigh na Rúise ó bhráca sa bhliain 1861. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ar deoraíocht, go háirithe i Sasana, agus é ag foilsiú na hirise Kolokol ("An Clog"). Ar a dhírbheathaisnéis is fearr a aithníonn lucht léite na Rúisise inniu é, áfach. Chuir sé imeachtaí a shaoil chorraigh i míotar i dtrí imleabhar móra faoin teideal Былое и думы/Byloye i dumy, is é sin, "Cuimhní cinn agus smaointe", a áirítear ar chlasaicigh na teanga, agus í ar an dírbheathaisnéis is tábhachtaí i stair liteartha na Rúise.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aleksandr Herzen, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.