Sa mhiotaseolaíocht Ghréag-Rómhánach, ba laoch Traíoch é Aeinéas (Gréigis: Αἰνείας, Aineías, ainm a thagann ó Αἰνή - mol).
Ba é mac an phrionsa Ainchiséas agus an bhandé Afraidíté é. Tugann Aeinéid Veirgil cuntas dúinn ar thuras Aeinéas ón Traí (le cabhair ó Afraidíte), rud a raibh bunú na Róimhe mar thoradh air. Tá eachtraí Aeinéas le léamh ar Iliad Hóiméar.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Aeneas (grc) Αινείας |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceannaire míleata |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | An Traí |
Coinbhleacht | Cogadh na Traoi agus Rutulian War (en) |
Teaghlach | |
Céile | Lavinia (en) Creusa (en) |
Páirtí | Díodó |
Páiste | Ascanius (en) ( Creusa (en) ) Anthemone (en) ( Creusa (en) ) Silvius (en) ( Ascanius (en) Lavinia (en) ) Etias (en) ( Creusa (en) ) Aemilia (en) ( Lavinia (en) ) |
Athair | Anchises (en) agus Afraidíté |
San Iliad is é Aeinéas ceannasaí na dTraíoch agus iad ag troid leis na Gréagaigh, agus tá sé mar thánaiste ag Eachtar, mac an Rí Priam. Is minic Afraidíte ag cuidiú leis sa chogadh, agus tá an-dáimh ag Apalló leis. Tagann an bheirt úd i gcabhair air nuair a éiríonn le Diaiméidéas Argos é a mharú beagnach, agus beireann siad leo chun Peirgeamas é lena leigheas. Poiséadón féin, dia ar gnách leis cuidiú leis na Gréagaigh, tugann sé Aeinéas saor nuair a leagann Aichill é, á rá go ngairmfear rí na dTraíoch d'Aeinéas cé gur de mhionghéag an teaghlaigh ríoga é.
Nuair a fhorghabhtar an Traí deir na déithe le hAeinéas éalú. Cruinníonn é díorma le chéile agus tugann siad a n-aghaidh ar an Iodáil. Tugann Aeinéas Lares agus Penates na Traí leis, agus is iad na Traígh sinsir na Rómhánach.
Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aeinéas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.