Is í is bean ann ná duine baineann fásta.
"Cailín" nó "girseach" a thugtar ar dhaoine baineanna nár tháinig i mbun a méide fós.
I gcomparáid leis an bhfear, is iad na comharthaí sóirt ar a n-aithnítear an bhean ná:
Tá baill ghiniúna na mná oiriúnach don bhod a ligean isteach, ionas gur féidir don fhear a sheamhan a thál agus leanbh a choimpeart. Is iad baill ghiniúna eachtracha na mná ná an brillín, na labia majora nó liopaí móra na pite, agus na labia minora nó liopaí beaga na pite. Idir na liopaí a osclaítear an bealach isteach san fhaighin. Le linn na comhriachtana, sáitear an bod isteach san fhaighin agus an fear á bhogadh isteach is amach, ar dhóigh is go bhfuil an bod ag cuimilt leis an tseicin mhúcasach. Má shroicheann an fear a shúnás, ligfidh sé amach tonn seamhain (scaoileadh síl) a rachaidh isteach sa bhroinn taobh thiar den fhaighin.
Ar an dá thaobh den bhroinn, tá na hubhagáin, ina dtáirgtear na hubháin, is é sin, cealla atáirgthe na mná. An feadán a cheanglaíonn an t-ubhagán den útaras, tugtar ubhaducht ("feadán Fallópach") air. Scaoiltear ubhán amháin in aghaidh na míosa saor as ceann de na hubhagáin. Má bhuaileann sé faoi speirmchill ar a bhealach go dtí an t-útaras, iompóidh sé ina shiogót. Nuair a ghreamóidh an siogót san útaras, iompóidh sé ina shuth. Ansin, deirtear go bhfuil an bhean torrach, nó go bhfuil sí ag iompar clainne. Dhá mhí i ndiaidh na coimpeartha, beidh cuma an duine ar an suth, ionas nach suth é a thuilleadh, ach féatas. Beidh an féatas ag fás agus ag forbairt go ceann seacht mí eile, go dtí go saolófar an leanbh.
Mura mbuaile an t-ubhán faoi speirmchill, ní ghreamóidh sé le taobhanna na broinne. Tiocfaidh sé amach as an bhfaighin in éineacht le fuil mhíosúil, nó míostrú, na mná.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bean, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.