Is é atá i gceist le rapcheol nó ceol hip-hap ná gné den phopcheol a tosaíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá i lár na 1970idí, agus a bhris isteach sa phríomhshruth i rith na 1980idí.
Is téarma leathan é seo, ach bíonn dhá thréith bhunúsach le fáil sa stíl seo: an "MC" ag rapáil agus an "DJ" (an ceirneoir) ag casadh na ceirníní. Tréithe eile atá gaolta leis ná an brisdamhsa agus an graifítí. B'iad na daoine óga ón ionchathair a chuir tús leis, na hAfracaigh-Meiriceánaigh agus na Laidinigh-Meiriceánaigh ach go háirithe.
Thosaigh rapcheol leis na cóisirí chomharsan i Nua-Eabhrac mar malartú traschultúrtha idir daoine óga Afracaigh-Meiriceánaigh, Laidinigh-Meiriceánaigh, agus Afra-Chairibeach. Sheinn ceirneoirí func agus soul agus dioscó. Chun fad a chur leis an ndamhsa, scoith na ceirneoirí na breaks cnagadh agus d'athchraol siad iad agus mheasc siad iad ar na gcaschláir. Thosaigh siad freisin toastáil le linn na breaks, cineál Iamácach na labhartha le linn ceol. Ceannródaí an rapcheoil sa seachtóidí ba ea DJ Kool Herc.
I 1979, d'éirigh rapcheol móréilimh idir go leor daoine. "Rapper's Delight" leis an Sugarhill Gang ba ea an chéad amhrán rapcheoil an-mhóréilimh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rapcheol, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.