Shamhlóinn gur beag duine in Éirinn nach bhfuil cur amach pearsanta de shaghas éigin acu ar na fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus alcóil, agus úsáid mhídhleathach drugaí.
Dar le daoine áirithe, tá an tír ag cur thar maoil le drugaí aindleathacha agus tá na húdaráis ag streachailt sa troid i gcoinne mí-úsáid drugaí.
Tháinig méadú mór ar líon na ndaoine a fuair bás de bharr drugaí idir 2010-2020 – 218 ó thuaidh agus 409 ó dheas sa bhliain 2020, daoine óga a bhformhór. Bhásaigh 397 eile ó dheas de bharr cúiseanna eile a bhain le drugaí (crochadh, taomanna croí srl). Tá meabhairghalar agus ganntanas seirbhísí meabhairshláinte fite fuaite le úsáid mhídhleathach drugaí go minic.
Sa bhliain 2012 mhol an uile pháirtí ar Chomhairle Chathair Átha Cliath go mbunófaí lárionaid sa chathair ina gceadófaí féin-instealladh drugaí faoi mhaoirseacht foireann leighis. Ach chuir daoine sa cheantar ina gcoinne. Ní raibh aon lárionad fós ar oscailt i dtús 2024. Níl bunú ionaid den sórt céanna beartaithe fós i gCorcaigh ná in aon áit eile. Tugann an córas daonlathach in Éirinn deis arís agus arís eile do pholaiteoirí agus do vótálaithe moill a chur ar chabhair do dhaoine atá i gcruachás.
Fógraíodh polasaí cuimsitheach sláinte in 2019. Ach níl an polasaí curtha i bhfeidhm fós (in 2024) "mar gheall ar chúrsaí dlí" is cosúil.
Bunaíodh tionól saoránach chun drugaí a phlé sa bhliain 2023 agus foilsíodh an tuairisc in 2024 (Iml 1, Iml 2). Mhol an Tionól nach dtabharfaí daoine a mbeirtear orthu agus drugaí mídhleathacha ina seilbh os comhair cúirte feasta ach go gcuirfí seirbhísí leighis ar fáil dóibh. Tá polasaí dá leithéid i bhfeidhm cheana féin sa Phortaingéil agus san Ostair. Vótáil an Tionól (le móramh aon vóta) nár chóir an dlí, a deir go bhfuil seilbh channabais mídhleathach, a athrú.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Úsáid mhídhleathach drugaí in Éirinn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.