Mí-Úsáid Substaintí

Is é atá i gceist le mí-úsáid drugaí, nó mí-úsáid substaintí, ná úsáid a bhaint as aon druga – bíodh sé ina dhruga dleathach nó ina dhruga neamhdhleathach – a dhéanann dochar fisiciúil nó meabhrach, nó a d’fhéadfadh dochar fisiciúil nó meabhrach a dhéanamh, do ghné éigin de shaol duine aonair nó d’fholláine shóisialta duine aonair, do dhaoine aonair eile nó don tsochaí i gcoitinne.

Mí-Úsáid Substaintí
Mí-Úsáid Substaintí

Tréithe

Úsáideann daoine a lán cineálacha éagsúla drugaí. D’fhéadfadh na drugaí seo a bheith dleathach nó mídhleathach; d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú nó dochar a dhéanamh. Baineann fo-iarmhairtí agus rioscaí le gach druga, ach bíonn níos mó riosca i gceist le drugaí áirithe, go háirithe drugaí mídhleathacha. D’fhéadfaí go n-éireodh úsáid drugaí ina fadhb ag brath ar roinnt tosca.

Is iad na drugaí mídhleathacha is coitianta a úsáidtear ná cannabas, eacstais, hearóin agus cócaon.

in amanna, d’fhéadfadh úsáid drugaí bheith ina gcuid thábhachtach de shaol daoine. D’fhéadfadh sé sin bheith amhlaidh mar gheall ar fhadhbanna mothúchánacha, síceolaíocha nó sóisialta. D’fhéadfaí go mbeadh andúil nó spleáchas ag daoine mar thoradh ar dhrugaí áirithe, i gcás go gcailleann siad smacht ar úsáid an druga agus go mbraitheann siad nach féidir leo feidhmiú gan é.

Úsáideann daoine áirithe níos mó ná cineál amháin druga ag an aon am – tugtar ‘úsáid poladruga’ air seo.

D’fhéadfaí go mbeadh meascadh drugaí contúirteach toisc go mbíonn na hiarmhairtí agus na fo-iarmhairtí curtha le chéile. Cuimsítear air seo meascadh drugaí mídhleathacha le drugaí dleathacha dála alcólcógais. Mar shampla, má ólann daoine alcól le cócaon, bíonn níos mó riosca ann go mbeidh rithimí neamhrialta croí, taomanna croí agus an bás féin i ndán dóibh.

Iarmhairtí

D’fhéadfaí go mbeadh fadhbanna tromchúiseacha ag duine, fiú mura n-úsáidtear an druga ach uair amháin féin. Bíonn níos mó riosca i gceist le drugaí mídhleathacha, mar níl a fhios céard atá ann i ndáiríre (an comhdhéanamh) agus b'fhéidir go bhfuil substaint thocsaineach ann. Tá fíorbheagán eolais faoi céard atá istigh sna 'siabhráin dhleathacha' nó drugaí dearthóra chomh maith.

Is féidir le roinnt drugaí andúil nó spleáchas a chothú níos gasta ná mar a chothaíonn drugaí eile. níl aon fhianaise ann go mbíonn daoine ‘gafa’ le druga i ndiaidh dóibh é a úsáid uair nó dhó, nó go mbeidh andúil sa druga sin ag gach duine a bhaineann triail as.

Bíonn fadhbanna ag roinnt daoine ar chéad úsáid an druga, agus d’fhéadfaí fadhbanna a eascairt de réir mar a mhéadaíonn minicíocht úsáid an druga. is féidir go mbeidh iarmhairt ag na drugaí ar fholláine an choirp agus ar shláinte mheabhrach, ar shaol teaghlaigh, ar chaidrimh agus ar obairstaidéar. D’fhéadfaí go mbeadh daoine i dtrioblóid le húdaráis an dlí nó go mbeadh deacrachtaí airgid mar gheall ar úsáid drugaí mídhleathacha.

Déanann drugaí éagsúla dochar ar bhealaí éagsúla. Maidir le drugaí áirithe, amhail hearóin, meastar iad a bheith níos contúirtí de thairbhe go bhfuil níos mó riosca d’andúil agus de ródháileog ag baint leo, nó de thairbhe go n-instealltar iad.

Tá baint ag féinmharú agus mí-úsáid drugaí le chéile.

Mí-Úsáid Substaintí
mí-úsáid alcóil, 2012, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Forleithne

Tarlaíonn mí-úsáid substaintí i ngach aicme shóisialta.

An dlí

Déanann an tacht um Mí-Úsáid Drugaí in Éirinn grúpáil ar dhrugaí atá bunaithe ar a n-úsáideacht.

Mí-Úsáid Substaintí
Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn => Polasaithe in aghaidh drugaí

Straitéisí um Mí-Úsáid Substaintí

Tá rialtais ar fud an domhain ag cogaíocht in aghaidh drugaí le blianta. Ach tá sé chomh éasca drugaí a cheannach anois agus. a bhí sé riamh.

Cothaíonn drugaí difriúla fadhbanna éagsúla do dhaoine éagsúla agus úsáideann daoine éagsúla drugaí difriúla ar chúiseanna éagsúla. Mar sin bíonn réitigh éagsúla de dhíth ar na fadhbanna seo agus níl aon fhreagra simplí ar na fadhbanna a bhfuil úsáid drugaí ina n-údar orthu, Ach nuair atá na fíricí ag daoine, tá sé níos fusa déileáil le saincheisteanna a bhaineann le drugaí.

Reáchtálfar ar 26 Meitheamh gach bliain an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Mí-Úsáid Drugaí agus Gáinneáil Aindleathach.

Eachtraí

  • 2022ː 'Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís'

Féach freisin

Naisc

  • An Straitéis Náisiúnta Drugaí in Éirinn

Tagairtí

Tags:

Mí-Úsáid Substaintí TréitheMí-Úsáid Substaintí IarmhairtíMí-Úsáid Substaintí ForleithneMí-Úsáid Substaintí An dlíMí-Úsáid Substaintí Straitéisí um Mí-Úsáid Substaintí EachtraíMí-Úsáid Substaintí Féach freisinMí-Úsáid Substaintí NaiscMí-Úsáid Substaintí TagairtíMí-Úsáid SubstaintíDrugaMeabhairghalarSochaí

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

GormFTPArdchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheAn GhearmáinOspidéalStiofán Ó Cualáin (amhránaí)An AstráilDúrabhánPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Sulphur Springs, TexasUachtarán na Stát AontaitheAn RúisRóisín Ní ShoirtéilOrd (bitheolaíocht)FolúsghlantóirCló Iar-ChonnachtUchtnochtTorna ÉicesMedjugorjeTrasfhoirmeoir (ailtireacht domhainfhoghlama)2024Baskin-RobbinsAn FhraincPlandaHammarby IF FotbollföreningLouis PasteurTaigh-òsta Taigh an RìghEipistéimeolaíochtUS OpenMeitreo MhoscóAurora, IllinoisSláinte mheabhrachradaíocht ultraivialaitChristy MooreÁine na Breataine MóireToraighFeachtas GallipoliCráin dhubhEolaíocht nádúrthaCeardchumann1664IarúsailéimPríomhoifigeach feidhmiúcháinLeictreastataicBlagUathmheaisín baincCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024El Niño12 SamhainMuireForógra na gCumannach (1848)Baictéir Ghram-dheimhneachaCluicheThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpComhghallAirgeadraAmber HeardAn tAigéan CiúinNua-Eabhrac (cathair)An tAontas Eacnamaíoch EoráiseachNanaitheicneolaíocht2020idíJohnny DeppCumann na mBanAn Mhalaeisia20061724An Gorta MórDavid Ben-Gurion🡆 More