Is éard is yerba mate ann ná lus ó Mheiriceá Theas a fhliuchtar le haghaidh ólacháin cosúil le tae.
Tá caiféin sa yerba mate cosúil leis an tae, agus é in ann an tuirse a bhaint den duine dá réir sin. Duilleoga ón gcrann úd Ilex paraguayensis atá i gceist leis an yerba mate, crann a bhfuil gaol aige leis an gcuileann.
Ilex paraguariensis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | maité, duilleog maité agus Club-Mate (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas beagnach faoi bhagairt | |
UICN | 32982 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Aquifoliales |
Fine | Aquifoliaceae |
Géineas | Ilex |
Speiceas | Ilex paraguariensis A.St.-Hil. |
Bhí na bundúchasaigh ag ól mate i Meiriceá Theas i bhfad roimh theacht na gConquistadores, agus óltar idir the agus fhuar é. Tháinig an focal féin mate as an gCeatsuais, ach sa teanga sin, tagraíonn sé don tsoitheach ólacháin, seachas don deoch féin.
Is iad tíortha Río de la Plata, is é sin, an Airgintín, Paragua, agus Uragua, na tíortha is mó mate, idir shaothrú agus thomhaltas, chomh maith leis an gcuid den Bhrasaíl atá ag críochantacht leo, mar atá, stát Rio Grande do Sul. Ní óltar mórán den deoch taobh amuigh de na tíortha seo, áfach, ach sa chorr-áit, cosúil leis an Liobáin nó na hOileáin Chanáracha.
Bíonn blas leath searbh, leath milis sa mate féin, ach is gnách spíosraí a chur leis an mate, cosúil leis an dóigh a spíosraítear an tae le lusanna eile.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Yerba mate, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.