Is é Ceantar Yamoussoukro príomhchathair oifigiúil Phoblacht an Chósta Eabhair, san Afraic Thiar agus é suite 240 km (150 míle slí) thiar thuaidh d'Abidjan i réigiún na lochanna.
Foghraítear Yamoussoukro sa Chósta Eabhair le trí shiolla: yam-so-kro. Is é Abidjan príomhchathair eacnamaíochta na tíre agus is in Abidjan atá an chuid is mó d'oifigí an rialtais náisiúnta go fóill, chomh maith le hambasáidí eachtrannacha.
Yamoussoukro | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Reine Yamousso | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Cósta Eabhair | |||
District of Ivory Coast (en) | Yamoussoukro Autonomous District (en) | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 355,573 (2014) | |||
• Dlús | 101.59 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | Eastern Plantations (en) | |||
Achar dromchla | 3,500 km² | |||
Airde | 214 m | |||
Ar theorainn le | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Cód ISO 3166-2 | CI-YM | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | yamoussoukro.district.ci |
De réir an chéad leagan de dhaonáireamh na bliana 2014, tá cónaí ar 355,753 duine in Yamoussoukro. Tá 3,500 km cearnacha (1,400 míle cearnacha) d'achar i gceantar na príomhchathrach, idir chnoic ísle agus mháchairí. Bhí 207,412 duine ina gcónaí i gComún Yamoussoukro féin sa bhliain 2014.
Tá an bhaisleac Chaitliceadh Rómhánach Notre Dame de la Paix suite i Yamoussoukro. Tá sí ar na baisleaca is mó ar domhain.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Yamoussoukro, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.