Vicipéid Na Spáinnise

An leagan Spáinnise den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Spáinnise (Spáinnis: Wikipedia en español).

Bhí an Spáinnis ar na chéad trí leaganacha a tháinig ar an saol i ndiaidh Vicipéid an Bhéarla i mí Bealtaine, 2001. Ar 8 Márta 2006 baineadh amach tairseach an 100,000ú alt, agus ar an 16 Bealtaine 2013 bhí 1,000,000 alt ar an saol acu. Is í an naoú Vicipéid is mó ó thaobh líon na n-alt de agus an ceathrú ceann is mó ó thaobh líon na n-athruithe eagarthóireachta a dhéantar uirthi. Ar an 14 Aibreán 2019, bhí 1,516,185 alt ann.

WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Spáinnise
Vicipéid Na Spáinnise
Vicipéid Na Spáinnise
TeangaAn Spáinnis
Dáta cruthaithe11 Bealtaine 2001
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Cainéal IRCirc://irc.freenode.net/#wikipedia-es
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt1,943,425
Úsáideoirí cláraithe7,105,716
Riarthóirí57
Leathanaigh iomlána8,137,966
Comhaid áitiúla0
Vicipéid na Spáinnise

Stair

An rud is suntasaí dár tharla i stair Vicipéid na Spáinnise ná an chonspóid a chothaíodh sa bhliain 2002 faoi cheist na fógraíochta ar an Vicipéid. Tharla gur scríobh Larry Sanger i dteachtaireacht ríomhphoist go raibh Bomis ag smaoineamh ar fhógraí trádálacha a ghlacadh ar shuíomh Idirlín na Vicipéide. Gí gur dhiúltaigh Jimmy Wales agus Sanger go raibh aon fhógraiocht ar na bacáin acu, thosaigh Edgar Enyedy, úsáideoir ar Vicipéid na Spáinnise, ag cur gabhal ar bun sa tionscadal. Is é sin le rá, nach mbacfadh seisean agus a chomhghleacaithe leis an Vicipéid ach go leanfaidís ag obair feasta go neamhspleách ar chiclipéid nua bunaithe ar an ábhar a bhí i Vicipéid i Spáinnis go dtí sin. Chuir siad an Enciclopedia Libre—mar a thug siad uirthi—ar bun ar 26 Feabhra 2002. Lean formhór mór na n-úsáideoirí Spáinnise Enyedy agus thóg sé i bhfad sula ndéanfaí mórán oibre ar Vicipéid na Spáinnise arís.

Gnéithe ginearálta

Vicipéid Na Spáinnise 
Na tíortha is mó ina mbíonn úsáideoirí ag Vicipéid na Spáinnise

Ní úsáidtear íomhánna ar Vicipéid na Spáinnise seachas iad atá le fáil ag an gComaoin. Bibliotecarios (“leabharlannaithe’’) a thugtar ar riarthóirí an tionscadail.

Tá craobhacha den Wiki Foundation curtha ar siúl sa Spáinn (mar a ndéantar 26.6% de na hathruithe eagarthóireachta ar Vicipéid na Spáinnise) agus san Airgintín (12.8%). Tíortha tábhachtacha eile ná Meicsiceo (16.5%) agus an Cholóim (11.4%).

Bhí 15,698 úsáideoir gníomhach ar Vicipéid na Spáinnise ag tús na bliana 2015 (seachtar díobh in Éirinn).

Tagairtí

  • Lih, Andrew. The Wikipedia Revolution: How a Bunch of Nobodies Created the World's Greatest Encyclopedia. Hyperion, Nua-Eabhrac. 2009. Chéad eagrán. ISBN 978-1-4013-0371-6.

Nótaí

Naisc sheachtracha

Vicipéid na Spáinnise Curtha i gcartlann 2008-07-05 ar an Wayback Machine


Tags:

Vicipéid Na Spáinnise StairVicipéid Na Spáinnise Gnéithe ginearáltaVicipéid Na Spáinnise TagairtíVicipéid Na Spáinnise NótaíVicipéid Na Spáinnise Naisc sheachtrachaVicipéid Na SpáinniseSpáinnisVicipéid an Bhéarla

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

1971PlatónAingeal an TuaiscirtPáirtí Sóisialta Daonlathach na GearmáineUSENETAccipitridaeRuPaul's Drag RaceBolgachMionscWest Ham United Football ClubÚdarás na GaeltachtaAn tAontas EorpachNatalia PliacamAn tAigéan AtlantachColáiste IognáidVataPríomhleathanachCú na mBaskervilleSanta Cruz de TenerifeCileagramPootillaAn Meánoirthear1922Inis (baile)Neamhspleáchas na FionlainneCursasCeann BróVladímír PútínSicínJermaine JenasEolaíocht/teicneolaíocht na Síne19ú haoisDroichead Geata an ÓirActinomyces israeliiFeastaMíceolaíochtSão Paulo (stát)Gregor Mendel21 AibreánAn Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint SonraíNicolás AlmagroLiopard sneachtaIaltóg ghiobach AlcathoeBitheolaíocht mhóilíneachSiombailThe SpongeBob SquarePants MovieDáileoir scannánAn Chearnóg DheargJDaon-Phoblacht na SíneÉireSícea-chógaseolaíochtDas KapitalAn Dara Cogadh DomhandaConamaraLíomhánPornagrafaíochtFisicYvonne McGuinnessBród na GaeltachtaAgairg na gcuileannaCágCarles PuigdemontÍosa CríostRobert Erskine ChildersOllscoil Stáit MoscóAn BhratasláivFicheallGaeltacht na nDéiseMediaWikiConradh na NáisiúnTammi TerrellRópaRollmopsGaiscíochAn Albáin🡆 More