Is páirtí páirtí polaitíochta liobrálach sa tSaimbia é an Páirtí Aontaithe um Fhorbairt Náisiúnta (Béarla: United Party for National Development) (UPND), atá faoi cheannas Hakainde Hichilema.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is ball breathnóra den Líonra Liobrálach na hAfraice é.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | liobrálachas liobrálachas sóisialta liobrálachas eacnamaíoch |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1998 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Hakainde Hichilema (2006–) |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | upndzambia.org |
Bunaíodh an UPND i mí na Nollag 1998 agus b'é Anderson Mazoka a bhí i gceannas air i ar dtús i ndiaidh do an Ghluaiseacht don Daonlathas Ilpháirtí (MMD) a fhágáil go gairid roimh ré. B'é Mazoka iarrthóir uachtaránachta an pháirtí san olltoghchán 2001 agus bhain sé an dara háit amach le 27% den vóta, níos lú ná 2% den vóta taobh thiar den bhuaiteoir Levy Mwanawasa as an MMD. I dtoghcháin an Tionóil Náisiúnta bhain an UPND 49 suíochán, agus bhí siad ar an dara páirtí is mó i ndiaidh an MMD.
I mí an Mhárta 2006 chuaigh an páirtí isteach sa Chomhghuaillíocht Dhaonlathach Aontaithe (UDA), a bhunaigh an trí pháirtí freasúra is mó le dul san iomaíocht in olltoghcháin na bliana sin. I ndiaidh bhás Mazoka i mBealtaine 2006, rinneadh ceannaire de Hakainde Hichilema, agus ba iarrthóir uachtaránachta an chomhghuaillíochta é. Áfach, char bhain sé ach an tríú háit amach, taobh thiar de Mwanawasa agus Michael Sata, le 25% den vóta. Níor bhain an UDA ach 26 suíochán sa Tionól Náisiúnta, síos ón 74 suíochán a bhain trí pháirtí i 2001.
B'é Hichilema an t-iarrthóir UPND d’fhothoghchán uachtaránachta 2008, agus bhain sé an tríú háit amach le 20% den vóta. Bhain sé an tríú háit amach arís in olltoghcháin 2011 le 18% den vóta, agus bhain an UPND 28 suíochán sa Tionól Náisiúnta, agus iad ar an tríú páirtí is mó.
Roghnaíodh Hichilema mar iarrthóir an pháirtí d’ fhothoghchán uachtaránachta 2015. B'é Hichilema an príomhfhreasúra in éadan iarrthóra an Fhronta Tírghrách (PF) Edgar Lungu i ndiaidh dó tacaíocht a fháil ó roinnt baill parlaiminte de chuid an MMD. Bhain Hichilema an dara háit amach le 47% den vóta ach toghadh Lungu le 48% den vóta.
Tá léig óige ag an UPND, Léig Óige an UPND a bunaíodh le dul i ngleic le rudai a bhainnean leis an aois óg. Déanann sé ionadaíocht ar dhaoine óga ó gach cearn den tSaimbia.
Toghchán | Iarrthóir páirtí | Vótaí | % | Toradh |
---|---|---|---|---|
2001 | Anderson Mazoka | 472,697 | 27.20% | Caillte |
2006 | Hakainde Hichilema | 693,772 | 25.32% | Caillte |
2008 | 353,018 | 19.70% | Caillte | |
2011 | 506,763 | 18.17% | Caillte | |
2015 | 780,168 | 46.67% | Caillte | |
2016 | 1,760,347 | 47.63% | Caillte |
Toghchán | Ceannaire an pháirtí | Vótaí | % | Suíocháin | +/– |
---|---|---|---|---|---|
2001 | Anderson Mazoka | 416,236 | 23.77% | 49/159 49 / 159 | 49 |
2006 | Hakainde Hichilema | 610,608 (mar chuid den UDA) | 22.51% | 26/159 26 / 159 | 48 |
2011 | 464,527 | 17.21% | 28/159 28 / 159 | 2 | |
2016 | 1,525,049 | 41.66% | 58/156 58 / 156 | 30 |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article United Party for National Development, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.