Scríbhneoir, ollamh litríochta agus duine d’fhathaigh litríocht Mheiriceá ab ea Toni Morrison, nó Chloe Ardelia Wofford mar atá a hainm scríte ar a teastas breithe.
Rugadh í ar an 18 Feabhra 1931 i mbaile beag darb ainm Lorain, Ohio. Fuair sí bás ar 5 Lúnasa 2019.
Bhain Morrison cáil amach mar gheall ar liriciúlacht a saothar agus í ag cur síos go macánta ar uafás na sclábhaíochta agus ar stair na nAfracach Meiriceánach.
An chéad leabhar ar fhoilsigh sí ná The Bluest Eye (1970).
Ba é Song of Solomon, úrscéal staire a foilsíodh i 1977, a tharraing aird an tsaoil mhóir ar Morrison.
Is dóigh gurb é Beloved] (1987), úrscéal ar a bronnadh Duais Pulitzer agus an American Book Prize sa bhliain 1988, an saothar is iomráití dá cuid, ar an saothar léi is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal.
11 úrscéal ar fad a scríobh sí agus ba é God Help the Child an ceann deireanach acu.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1993. Ba í an t-ochtú bean a bronnadh an duais seo uirthi. Nuair a bhuaigh sí an duais, dúirt na moltóirí gur mhian le Morrison “dul go domhain sa teanga agus í a shaoradh ó laincisí cine”. Ina hóráid Nobel, thagair Morrison féin do thábhacht na teanga sa saol chomh maith.
Chomh maith leis an duais Nobel, b’iomaí duais agus gradam eile a tugadh do Morrison, ina measc an gradam National Book Circle, céimeanna oinigh ó olscoileanna Oxford, Harvard agus na Ginéive, Légion d’Honneur na Fraince agus Bonn Saoirse an Uachtaráin a bhronn Barack Obama uirthi.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Toni Morrison, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.