Is fine teangacha iad na teangacha Eiscimea-Ailiútacha, agus cónaí ar a gcainteoirí dúchais sa Ghraonlainn, i dtuaisceart Cheanada, i dtuaisceart Alasca, agus in áiteanna i dtuaisceart na Sibéire.
Tá dhá phríomhchraobh i gcrann ginealais na dteangacha Eiscimea-Ailiútacha, mar atá, na teangacha Eiscimeacha agus na teangacha Ailiútacha. Níl ach aon teanga amháin, an teanga Ailiúitise, sa chraobh Ailiútach, ach aithnítear dhá fhochraobh sa chraobh Eiscimeach, mar atá, na teangacha Inupik agus na teangacha Yup'ik.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 85,000 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna | |
Cóid | |
ISO 639-5 | esx |
Glottolog | eski1264 |
Linguist List | eska |
IETF | esx |
Is í an Ghraonlainnis an t-aon teanga amháin san fhine seo nach bhfuil ag saothrú an bháis, nó tá stádas láidir aici sa Ghraonlainn, agus polasaí dian ag lucht rialtais an oileáin leis an teanga dhúchasach a choinneáil i mbéal an phobail. An chuid is mó de na teangacha seo is canúintí beaga iad nach bhfuil mórán seansanna acu faoi bhrú na mórtheangacha - an Béarla agus an Rúisis, go bunúsach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teangacha Eiscimea-Ailiútacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.