B'fhile, úrscéalaí agus gearrscéalaí Meiriceánach í Sylvia Plath.
Rugadh i mBostún, Massachusetts í ar an 27 Deireadh Fómhair, 1932 agus cailleadh í ar an 11 Feabhra, 1963 i Londain Shasana tar éis di lámh a chur ina bás féin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Deireadh Fómhair 1932 Bostún, Massachusetts |
Bás | 11 Feabhra 1963 30 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Féinmharú |
Áit adhlactha | Heptonstall |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tÚinitéireachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Smith - eolaíocht liteartha Coláiste Newnham, Cambridge |
Áit chónaithe | Londain |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, aiste agus ficsean |
Gairm | file, dírbheathaisnéisí, dialannaí, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir litríocht pháistí |
Fostóir | Coláiste Smith |
Seánra | Confessional poetry (en) |
Ainm cleite | Victoria Lucas |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Ted Hughes (1956–1963) |
Páiste | Frieda Hughes, Nicholas Hughes |
Athair | Otto Plath agus Aurelia Plath |
Siblín | Warren Joseph Plath |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | sylviaplath.info |
D'fhreastail sí ar Choláiste Mhic Gabhainn (Béarla: Smith College) in Northampton, Massachusetts, (Sasana Nua), agus ar Choláiste Newnham in Cambridge nuair a bhronnadh an Scoláireacht Fulbright uirthi.
Phós sí an file Ted Hughes sa bhliain 1956. Is minic a bhí mí-úsáid á dhéanamh sa chaidreamh a bhí eatarthu.
Chuir siad fúthu i Meiriceá, sular bhog go Sasana sa bhliain 1959. Bhí beirt chlainne acu: Frieda agus Nicholas.
Bhí fulaingt dhian ag Sylvia Plath leis an ghalar dubhach, agus bhí sí sin, maraon lena hidirscaradh pósta sa bhliain 1962, ar cheann de na príomhchúiseanna lena féinmharú, is cosúil (chuir sí a ceann sa ghásoigheann).
Is é An Clogad (Béarla: The Bell Jar) an leabhar is mó le rá de chuid Sylvia Plath. Úrscéal dírbheathaisnéiseach atá sa Chlogad, an t-aon úrscéal dár scríobh Plath riamh. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1963 (mí roimh bhás an údair) faoin ainm cleite Victoria Lucas.
B'iarracht é An Clogad a léiriú "cé chomh scaoilte aonrach is a mhothaíonn an té atá i mbun clise néarach... Rinne mé iarracht samhail a tharraingt de mo shaolsan agus de na daoine atá ann de réir mar a bhfeicfear duit iad agus tú ag faire orthu trí ghloine chlogaid, agus í sin ag feidhmiú mar lionsa a chuireann íomhánna as a riocht".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sylvia Plath, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.