Aontas feidearálach is ea na Stáit Aontaithe agus tá caoga ballstat ann.
Is iad na 13 stát bunaidh na 13 coilíneacht a chuaigh chun ceannairce ar riail Shasana. Maidir le na stáit eile, fuair rialtas Mheiriceá iad trí chogadh nó cheannach, ach amháin Vermont, Texas, agus Haváí mar poblachtaí neamhspleácha a bhí iontu. I dtús stair na tíre, cruthaíodh 3 stát as críoch stát eile: Kentucky as Virginia; Tennessee as Carolina Thuaidh; agus Maine as Massachusetts. I rith an chogaidh carthartha, roinneadh Virginia Thiar ó Virginia. Rialaigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá nach bhfuil ceart ag na stáit an t-aontas a fhágáil. Tá limistéir eile ina mbaill den tír, sin iad Ceantar Columbia (an ceantar feidearálach ina bhfuil an phríomhchathair, Washington, suite); agus Sceir Palmyra, críoch san Aigéan Ciúin atá neamháitrithe ach corpraithe. Tá cúig mórchríoch ag na Stáit Aontaithe le pobail dúchasacha: Puerto Rico agus Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe i Muir Chairib; agus Samó Mheiriceánach, Guam agus Oileáin Mariana Thuaidh san Aigéan Ciúin. Tá saoránacht sna Stáit Aontaithe ag na daoine a bheirtear sna críocha sin ach amháin Samó Mheiriceánach.
Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit Stát Aontaithe Mheiriceá:
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Stáit Mheiriceá, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.