Ba é Spéirling Jeanne an séú spéirling sa bhliain 2004, ag bualadh Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe, Pórtó Rícó, an Phoblacht Doiminiceánach, Haïti agus oirdheisceart na Bahámaigh.
Hairicín catagóir 3 (SSHWS/NWS) | |
Imchuach aigéin | An tAigéan Atlantach |
---|---|
Cuid de | 2004 Atlantic hurricane season (en) |
Tréimhse | 13 - 29 Meán Fómhair 2004 |
Gaotha marthanacha uasta | 105 kn |
Brú atmaisféarach is ísle | 951 mbar |
Ghluais Jeanne ó dheas ó Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe ar 15 Meán Fómhair, agus tháinig i dtír ag Yabucoa, Pórtó Rícó níos déanaí sa lá.
Lean Jeanne uirthi go mall os cionn na Poblachta Doiminicéanaigh ar 17 Meán Fómhair sular fhág sé an oileán go déanach sa tráthnóna. Faoin am sin, bhí Jeanne tar éis laghdú céim eile, go neart ísilbhrú meánchriosaigh.
Ar 18 Meán Fómhair, agus an córas á leanúint gar do Inagua Mór, tháinig croílár nua ar an saol, achar mhaith thoir-ó thuaidh, agus chuaigh an iompú a bhí cheana ann i léig. Chuaigh an lár nua i dtreise arís go raibh ina spéirling ar 20 Meán Fómhair.
Lean Jeanne a turas fada mar frithchíclóin, ag iompú siar agus ansin siar-aduaidh.
Fágadh 600,000 gan uisce reatha i bPórtó Rícó. Rinne titim talún an-dochar don dúlra i bhForaois Náisiúnta na Cairibe, agus maraíodh seachtar.
Agus é ag gluaiseacht thar thuaisceart na Poblachta Doiminiceánaigh, maraíodh 18 ar a laghad.
Ar 21 Meán Fómhair, tuairiscíodh go raibh ar a laghad 691 marbh i Gonaïves, Haïti, 40 ar a laghad gar dó i Port-de-Paix, agus 51 in áiteanna eile i Haïti. [1], [2] [3].
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Spéirling Jeanne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.