B'í Réabhlóid Fheabhra an chéad chéim de Réabhlóid na Rúise sa bhliain 1917.
Chuir an réabhlóid seo deireadh le hImpireacht na Rúise agus tús le poblacht liobrálach a mhair ar feadh leathbhliana.
Cineál | réabhlóid |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Feabhra |
Cuid de | Réabhlóid na Rúise 1917 |
Tréimhse | 8 - 16 Márta 1917 |
Dáta na bliana | 1917 (Iúlach) |
Suíomh | Cathair Pheadair, An Rúis Impireacht na Rúise , Impireacht na Rúise |
Tír | Impireacht na Rúise |
Rannpháirtí | |
Cúis | origins of the February Revolution (en) An Chéad Chogadh Domhanda |
Ba chúis leis | díscaoileadh Impireacht na Rúise |
Líon básanna | 1,443 |
Croineolaíocht | |
Éirí as Nioclás II na Rúise | |
Réabhlóid ab ea í seo a chuir an Sár Nioclás II as cumhacht. B'eisean Impire deireanach na Rúise. I Mí Feabhra 1917, tháinig deireadh le réimeas an tSáir Nioclás a Dó. Tugadh faoi choimeád cosanta é ar an 16 Márta.
De thoradh na réabhlóide seo, chuaigh rialtas sealadach nua i gceannas ar an tír. Comhrialtas ab ea é a raibh polaiteoirí liobrálacha agus sóisialacha air, agus iad meáite ar stát agus sochaí na Rúise a athrú go hiomlán. Leis an stát a chur ar bhealach a leasa, chruthaigh siad cumhacht fheidhmitheach dhaonlathach agus comhthionól bunreachtúil.
Ba ea Alexander Kerensky ar an bpolaiteoir ba thábhachtaí ar feadh leathbhliana. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra.
B'é an fhadhb a bhain leis an rialtas seo ná nár éirigh siad as an gcogadh, cé go raibh tuirse ar mhuintir na Rúise ar fad i ndiaidh bhlianta fada an chogaidh. Ó bhí na Boilséivigh ag gealladh síochána, fuair siad cuid mhaith tacaíochta dá gcuid iarrachtaí an Rialtas Sealadach a chur ar ceal.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Réabhlóid Fheabhra, 1917, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.