Polaitíocht Na Heite Fíordheise

Tá polaitíocht na heite fíordheise le feiceáil timpeall an domhain le fada (an Faisisteachas agus an Naitsíochas sa 20u haois).

San Eoraip sa 21ú haois, faightear mar shampla Rassemblement National na Fraince, AfD na Gearmáine, Fratelli d’Itália na hIodáile, Fidesz na hUngáire, Vlaams Belang na Beilge, FPÖ na hOstaire, Sverigedemokraterna na Sualainne agus Perussuomalaiset na Fionlainne. Tá na páirtithe polaitiúla seo ar an mór-roinn i bhfad amach ar an eite dheis. Tá cuid acu (Fidesz, Fratelli d’Ítália, Perussuomalaiset) i gcumhacht. I gcásanna eile, braitheann na páirtithe sa rialtas ar a dtacaíocht uaireanta (mar shampla Sverigedemokraterna na Sualainne).

Polaitíocht Na Heite Fíordheise
Bratach Léinte Gorma na hÉireann.
Polaitíocht Na Heite Fíordheise
National party in Éirinn, 2020
Polaitíocht Na Heite Fíordheise
National party in Éirinn, 2020

Tréithe sa 21ú haois

Is minic an comhrá ag iarraidh naimhdeas agus achrann a tharraingt sa saol mór: mar shampla ag eagrú gluaiseacht in aghaidh srianta sláinte; in aghaidh imircigh; in aghaidh daoine aeracha i leabharlanna agus scoileanna agus siopaí leabhar. Tá ideolaíocht ina bhfuil fuath nimhiúil - fearacht an Náisiúnachas Geal, Frith-Ghiúdachas, agus Fuath ar Ioslam - á scaipeadh go réidh ag grúpaí agus ag daoine aonair ar an bhFíordheis. Tá daoine go seasta ag roinnt bréageolais ag séanadh Uile-Loscadh an Dara Cogadh Domhanda agus ag brú ábhar Naitsíoch.

Tá aighneas faoi cheist na haeráide ann go minic. Tá grúpaí de chuid na fíordheise "ag fadú na tine agus ag tabhairt faoi 'Chogadh Cultúir’ san díospóireacht faoi athrú na haeráide agus iad á gcur féin i láthair mar a bheadh ‘fíor-chosantóirí’ mhuintir na tuaithe."

An eite fhíordheis in Éirinn

Eisceacht sa scéal seo í Éire: níor éirigh go rómhaith riamh le páirtithe ar an eite fhíordheis in Éirinn, go dtí na 2020idí ar aon nós. An chúis atá leis sin ná go bhfuil páirtí seanbhunaithe ann a dhéanann freastal ar an sciar sin den mhargadh. Tagann Sinn Féin ar an sciar sin de vótóirí na hÉireann a chaithfeadh vóta do pháirtí éigin de chuid na heite fíordheise dá mbeadh cónaí orthu ar an mór-roinn. Ní ar dheis ach ar chlé ón lár atá Sinn Féin.

Sa bhliain 2023, léirigh taighde ar scaipeadh eolas míchruinn agus bréageolas ar líne in Éirinn go bhfuil tionchar na Fíordheise sa tír sách láidir. An eagraíocht dhomhanda ISD (Institute for Strategic Dialogue) a thug faoin staidéar a thaispeáin go raibh ag teipeadh ar chuideachtaí teicneolaíochta rialacháin (mar sh, Twitter, Meta, srl )a chur i bhfeidhm le srian a chur ar scaipeadh bhréageolas, eolas míthreorach agus ábhar a bhfuil urchóid ann. Rinne an staidéar "Uisce faoi Thalamh: An investigation into the Online Mis- and Disinformation Ecosystem in Ireland" scagadh ar 13 milliún teachtaireacht ar an idirlíon ó 1,640 cuntas ar 12 ardán éagsúla, ó Eanáir 2020 go hAibreán 2023.

Dúirt an staidéar go bhfuil airgead á ghnóthú go tréan ag an dream atá sáite in éiceachóras bréageolais na hÉireann. Bhí dlúthcheangal idir an dream a bhíonn ag comhrá lena chéile agus gurbh cúrsaí sláinte, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí imirce in Éirinn is mó a bhíonn faoi chaibidil acu. Ar Covid-19 is mó a díríodh áird idir 2020 agus 2021, sula dtáinig an chogaíocht san Úcráin, an imirce agus cúrsaí inscne agus gnéis an Phobail LADTA+ go barr aigne i 2022 agus tús 2023.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Polaitíocht Na Heite Fíordheise Tréithe sa 21ú haoisPolaitíocht Na Heite Fíordheise An eite fhíordheis in ÉirinnPolaitíocht Na Heite Fíordheise Féach freisinPolaitíocht Na Heite Fíordheise TagairtíPolaitíocht Na Heite FíordheiseAn OstairFaisisteachasNaitsíochasRassemblement National

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Aigéan2006Pádraig Mac Piarais1975Féilire GhréagóraGeorg Wilhelm Friedrich HegelCráin dhubhBliain bhisighSeoirse II na Breataine Móire2009BlagAn ÍsiltírCathair PheadairAn Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí1000Baintreach dhubhGráCómhaoin WikimediaHerbert Kitchener, an Chéad Iarla KitchenerLá ANZACSausage PartyMóimint mhaighnéadachCharles LawsonCLG Chontae Bhaile Átha CliathThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpComhghallAn ChasacstáinRia (miotaseolaíocht)Córas oibriúcháinGaeilge na hAlbanCúbaThe New York TimesHugh de Lacy, Tiarna na MíArdchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheGustaf AdolfMór-RíoghainHéaród MórAn IndiaAirgeadraBreatimeachtUSENETStáit Aontaithe MheiriceáStiofán Ó Cualáin (amhránaí)An TamailisJoe Steve Ó NeachtainGeolaíochtCúige MhoscómargaíochtLeBron JamesNaomh ColmánSan Mateo, CaliforniaAn DagastáinEolaíocht an domhainCúige LaigheanAchtanimíocóisradaíocht ultraivialaitAiltireachtCeolZoolanderScaindiamBainneGramadach na GaeilgeLiosta de charachtair Eastenders (2005)Martin LandauCluicheAn tAontas EorpachCoiste Pléimeannach na FrainceCarles Puigdemont🡆 More