Thosaigh an paindéim COVID-19 sa Spáinn ar an 31 Eanáir 2020.
Faoi 20 Iúil 2021, bhí 4,189,136 cás agus 81,148 bás dearbhaithe.
Fógraíodh staid éigeandála sa tír agus chuir rialtas na Spáinne ordú dianghlasála i bhfeidhm ar an 14 Márta 2020 ar feadh 15 lá. Ar an 28 Márta, ordaíodh d'oibrithe neamhriachtanach fanacht sa bhaile ar feadh coicíse, ó 30 Márta go dtí 9 Aibreán. Ar an 4 Aibreán, d'iarr an príomh-aire na Spáinne Pedro Sánchez ar Chomhdháil Teachtaí na Spáinne an staid éigeandála a leathnú ar feadh coicíse go dtí 26 Aibreán, agus leathnaíodh é ar an 9 Aibreán. Ar an 13 Aibreán, d'fhill oibrithe tógála agus oibrithe in earnáil na tionsclaíochta ar a n-obair, agus tugadh clúdaithe aghaidhe do dhaoine ag baint úsáid as iompar poiblí. Ar an 21 Aibreán, d'fhógair an rialtas go mbeidh cead ag páistí níos óige ná 14 bliana dul ag siúl lena dtuismitheoirí ón 26 Aibreán. Dhá lá ina dhiaidh sin, leathnaíodh an dianghlasáil go dtí 9 Bealtaine.
Ar an 28 Aibreán, fógraíodh plean srianta a mhaolú. Bhí ceithre chéim ag an bplean, uimhrithe 0 go 3. Bhraith dul chun cinn ar an ráta ionfhabhtaithe agus an cumas an chórais chúram sláinte. Ón 2 Bealtaine, tugadh cead do saoránaigh aclaíocht a dhéanamh. Ina theannta sin, thosaigh céim 0 ar 4 Bealtaine. Caithfear daoine ag baint úsáid as iompar poiblí clúdaithe aghaidhe a chaitheamh ón dáta sin. Cuireadh céim 1 i bhfeidhm sna hOileáin Chanáracha agus i Formentera níos luaithe ná aon chuid eile den tír.
Ar an 8 Bealtaine, d'fhógair an rialtas go mbogfaidh leath na tíre go céim 1 i gceann trí lá. Athosclaíodh áit suí faoin aer ag bialanna, agus ceadaíodh cruinnithe de 10 duine le scaradh sóisialta. D’fhan Maidrid ag céim 0.
Ar an 16 Bealtaine, bheartaigh an rialtas an staid éigeandála a leathnú ar feadh míosa. Ar an 18 Bealtaine, thosaigh céim 2 sna hOileáin Chanáracha agus Formentera. Ceadaíodh cruinnithe de 15 duine agus athosclaíodh ionaid siopadóireachta. D'fhan Maidrid, Barcelona agus Castilla y León ag céim 0 fós. Bhí céim 1 i bhfeidhm sa chuid eile den tír.
Ar an 8 Meitheamh, thosaigh céim 3 i 52% den tír. Chuimsigh céim 3 srianta nach bhfuil chomh dian ar ghnó, ar nós bialanna nó leabharlanna. Bhí céim 2 i bhfeidhm sa chuid eile den tír. Ón 15 Meitheamh, bhí céim 3 i bhfeidhm i 70% den tír.
Chríochnaigh an staid éigeandála ar an 21 Meitheamh, agus thosaigh an "normáltacht nua" céim. Bhí na srianta bearthaite ag an údarás i ngach comhphobail fhéinrialaitheacha.
I mí Iúil, thosaigh líon cásanna COVID-19 ag méadú timpeall na tíre i Barcelona, Zaragoza agus Maidrid, agus cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm. Dúirt rialtas na Catalóine leis na saoránaigh fanacht sa bhaile agus bhí cosc ar cruinnithe de níos mó ná 10 duine. Tugadh ordú do gach duine san Chatalóin clúdaithe aghaidhe a chaitheamh go poiblí. Dúnadh clubanna oíche agus cuireadh cosc ar chaitheamh tobac i La Rioja agus sa Réigiún Murcia. I mí Lúnasa, bhí an ráta ionfhabhtaithe is airde san Iarthar na hEorpa ag an Spáinn.
Ag tús mhí Dheireadh Fómhair, cuireadh Maidrid faoi dhianghlasáil arís tar éis ardú suntasach ar líon na gcásanna den COVID-19. Ar an 25 Deireadh Fómhair, chuaigh An Spáinn i staid éigeandála ar ais. Thosaigh an clár vacsaíne sa Spáinn ar an 27 Nollaig.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Paindéim COVID-19 sa Spáinn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.