Is cuid den phaindéim dhomhanda é paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe, agus coróinvíreas ar leith is cúis leis an bpaindéim.
Dhearbhaigh rialtas na Breataine an chéad chás de COVID-19 sa Ríocht Aontaithe ar an 31 Eanáir 2020, nuair a bhí toradh dearfach ar bheirt náisiúnach na Síne ag fanacht in óstán in Eabhrac. Ag deireadh mhí Feabhra 2020, tuairiscíodh an chéad chás den ghalar i dTuaisceart Éireann agus an Bhreatain Bheag. Fógraíodh an chéad chás den ghalar in Albain ag tús mhí an Mhárta 2020. Faoi 20 Iúil 2021, bhí 5,519,602 cás agus 128,823 bás dearbhaithe. Bhí an galar luaite ar an teastas báis de 153,070 duine.
| ||||
Cineál | ráig ghalair de Covid-19 | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic in Europe (en) agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) | |||
Tréimhse | 31 Eanáir 2020 - | |||
Suíomh | an Ríocht Aontaithe, Ríocht Aontaithe | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Cúis | Covid-19 | |||
Tabular case data (en) | Liosta | |||
Number of medical tests (en) | 1,957,652,433 (6 Eanáir 2021) | |||
Number of cases (en) | 24,425,309 (9 Márta 2023) | |||
Number of vaccinations (en) | 86,465 (13 Nollaig 2020) 675,286 (20 Nollaig 2020) 1,005,073 (27 Nollaig 2020) 1,380,430 (3 Eanáir 2021) 2,286,572 (8 Eanáir 2021) 2,286,572 (10 Eanáir 2021) 2,431,648 (11 Eanáir 2021) 2,639,309 (12 Eanáir 2021) 2,918,252 (13 Eanáir 2021) 3,234,946 (14 Eanáir 2021) 3,576,263 (15 Eanáir 2021) 3,872,394 (16 Eanáir 2021) 4,062,501 (17 Eanáir 2021) 4,266,577 (18 Eanáir 2021) 4,609,740 (19 Eanáir 2021) 4,973,248 (20 Eanáir 2021) 5,383,103 (21 Eanáir 2021) 5,861,351 (22 Eanáir 2021) 6,353,321 (23 Eanáir 2021) 6,573,570 (24 Eanáir 2021) 6,853,327 (25 Eanáir 2021) 7,164,387 (26 Eanáir 2021) 7,476,765 (27 Eanáir 2021) 7,891,184 (28 Eanáir 2021) 8,378,940 (29 Eanáir 2021) 8,977,329 (30 Eanáir 2021) 9,296,367 (31 Eanáir 2021) 9,646,715 (1 Feabhra 2021) 10,021,471 (2 Feabhra 2021) 10,490,487 (3 Feabhra 2021) 10,971,047 (4 Feabhra 2021) 11,465,210 (5 Feabhra 2021) 12,015,018 (6 Feabhra 2021) 12,294,006 (7 Feabhra 2021) 12,646,486 (8 Feabhra 2021) 13,058,298 (9 Feabhra 2021) 13,509,108 (10 Feabhra 2021) 14,012,224 (11 Feabhra 2021) 14,556,827 (12 Feabhra 2021) 15,062,189 (13 Feabhra 2021) 15,300,151 (14 Feabhra 2021) 15,576,107 (15 Feabhra 2021) 15,940,972 (16 Feabhra 2021) 16,423,082 (17 Feabhra 2021) 16,875,536 (18 Feabhra 2021) 17,247,442 (19 Feabhra 2021) 17,582,121 (20 Feabhra 2021) 17,723,840 (21 Feabhra 2021) 17,916,181 (22 Feabhra 2021) 18,242,873 (23 Feabhra 2021) 18,691,835 (24 Feabhra 2021) 19,177,555 (25 Feabhra 2021) 19,682,048 (26 Feabhra 2021) 20,089,551 (27 Feabhra 2021) 20,275,451 (28 Feabhra 2021) 20,478,619 (1 Márta 2021) 20,703,615 (2 Márta 2021) 20,982,571 (3 Márta 2021) 21,358,815 (4 Márta 2021) 21,796,278 (5 Márta 2021) 22,213,112 (6 Márta 2021) 22,377,255 (7 Márta 2021) 22,592,528 (8 Márta 2021) 22,809,829 (9 Márta 2021) 23,053,716 (10 Márta 2021) 23,314,525 (11 Márta 2021) 23,684,103 (12 Márta 2021) 24,196,211 (13 Márta 2021) 24,453,221 (14 Márta 2021) 24,839,906 (15 Márta 2021) 25,273,226 (16 Márta 2021) 25,735,472 (17 Márta 2021) 26,263,732 (18 Márta 2021) 26,878,662 (19 Márta 2021) 27,630,970 (20 Márta 2021) 27,997,976 (21 Márta 2021) 28,327,873 (22 Márta 2021) 28,653,523 (23 Márta 2021) 28,991,188 (24 Márta 2021) 29,316,130 (25 Márta 2021) 29,727,435 (26 Márta 2021) 30,151,736 (27 Márta 2021) 30,445,284 (28 Márta 2021) 30,682,093 (29 Márta 2021) 30,908,010 (30 Márta 2021) 31,147,444 (31 Márta 2021) 31,318,262 (1 Aibreán 2021) 31,425,682 (2 Aibreán 2021) 31,533,568 (3 Aibreán 2021) 31,581,623 (4 Aibreán 2021) 31,622,367 (5 Aibreán 2021) 31,707,594 (6 Aibreán 2021) 31,807,124 (7 Aibreán 2021) 31,903,366 (8 Aibreán 2021) 32,010,244 (9 Aibreán 2021) 32,121,353 (10 Aibreán 2021) 32,190,576 (11 Aibreán 2021) 32,250,481 (12 Aibreán 2021) 32,326,604 (13 Aibreán 2021) 32,444,439 (14 Aibreán 2021) 32,574,221 (15 Aibreán 2021) 32,709,778 (16 Aibreán 2021) 32,849,223 (17 Aibreán 2021) 32,932,448 (18 Aibreán 2021) 33,032,120 (19 Aibreán 2021) 33,139,742 (20 Aibreán 2021) 33,257,651 (21 Aibreán 2021) 33,388,637 (22 Aibreán 2021) 33,524,423 (23 Aibreán 2021) 33,673,190 (24 Aibreán 2021) 33,752,885 (25 Aibreán 2021) 33,843,580 (26 Aibreán 2021) 33,959,908 (27 Aibreán 2021) 34,094,048 (28 Aibreán 2021) 34,216,616 (29 Aibreán 2021) 34,362,205 (30 Aibreán 2021) 34,505,380 (1 Bealtaine 2021) 34,595,304 (2 Bealtaine 2021) 34,667,904 (3 Bealtaine 2021) 34,795,074 (4 Bealtaine 2021) 34,934,171 (5 Bealtaine 2021) 35,069,641 (6 Bealtaine 2021) 35,202,642 (7 Bealtaine 2021) 35,371,669 (8 Bealtaine 2021) 35,472,295 (9 Bealtaine 2021) 35,587,348 (10 Bealtaine 2021) 35,722,461 (11 Bealtaine 2021) 35,906,671 (12 Bealtaine 2021) 36,115,955 (13 Bealtaine 2021) 36,336,023 (14 Bealtaine 2021) 36,573,354 (15 Bealtaine 2021) 36,704,672 (16 Bealtaine 2021) 36,811,405 (17 Bealtaine 2021) 36,985,505 (18 Bealtaine 2021) 37,250,363 (19 Bealtaine 2021) 37,518,614 (20 Bealtaine 2021) 37,738,271 (21 Bealtaine 2021) 37,943,681 (22 Bealtaine 2021) 38,070,038 (23 Bealtaine 2021) 38,192,417 (24 Bealtaine 2021) 38,378,564 (25 Bealtaine 2021) 38,614,683 (26 Bealtaine 2021) 38,871,200 (27 Bealtaine 2021) 39,075,642 (28 Bealtaine 2021) 39,259,168 (29 Bealtaine 2021) 39,384,055 (30 Bealtaine 2021) 39,477,158 (31 Bealtaine 2021) 39,585,665 (1 Meitheamh 2021) 39,758,428 (2 Meitheamh 2021) 39,949,694 (3 Meitheamh 2021) 40,129,618 (4 Meitheamh 2021) 40,333,231 (5 Meitheamh 2021) 40,460,576 (6 Meitheamh 2021) 40,573,517 (7 Meitheamh 2021) 40,710,319 (8 Meitheamh 2021) 40,886,878 (9 Meitheamh 2021) 41,088,485 (10 Meitheamh 2021) 41,297,016 (11 Meitheamh 2021) 41,551,201 (12 Meitheamh 2021) 41,698,429 (13 Meitheamh 2021) 41,831,056 (14 Meitheamh 2021) 42,021,089 (15 Meitheamh 2021) 42,216,654 (16 Meitheamh 2021) 42,460,632 (17 Meitheamh 2021) 42,683,772 (18 Meitheamh 2021) 42,964,013 (19 Meitheamh 2021) 43,127,763 (20 Meitheamh 2021) 43,148,843 (21 Meitheamh 2021) 43,448,680 (22 Meitheamh 2021) 43,656,327 (23 Meitheamh 2021) 43,877,861 (24 Meitheamh 2021) 44,080,358 (25 Meitheamh 2021) 44,314,799 (26 Meitheamh 2021) 44,454,511 (27 Meitheamh 2021) 44,581,771 (28 Meitheamh 2021) 44,719,762 (29 Meitheamh 2021) 44,860,978 (30 Meitheamh 2021) 45,013,503 (1 Iúil 2021) 45,137,108 (2 Iúil 2021) 45,274,497 (3 Iúil 2021) 45,351,719 (4 Iúil 2021) 45,428,681 (5 Iúil 2021) 45,514,492 (6 Iúil 2021) 45,601,445 (7 Iúil 2021) 45,697,875 (8 Iúil 2021) 45,787,958 (9 Iúil 2021) 45,881,721 (10 Iúil 2021) 45,923,721 (11 Iúil 2021) 45,978,017 (12 Iúil 2021) 46,037,090 (13 Iúil 2021) 46,097,464 (14 Iúil 2021) 46,159,145 (15 Iúil 2021) 1,146,227,101 (16 Iúil 2021) | |||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 United Kingdom COVID-19 curfew (en) | |||
Líon básanna | 219,948 (9 Márta 2023) | |||
Le cuid | ||||
2020 COVID-19 pandemic in the Cayman Islands (en) 2020 COVID-19 pandemic in the Isle of Man (en) 2020 Coróinvíreas paindéimeach i dTuaisceart Éireann 2020 COVID-19 pandemic in Montserrat (en) 2020 COVID-19 pandemic in Anguilla (en) 2020 COVID-19 pandemic in the Turks and Caicos Islands (en) COVID-19 pandemic in Wales (en) COVID-19 pandemic in Scotland (en) 2020 COVID-19 pandemic in Gibraltar (en) COVID-19 pandemic in England (en) COVID-19 pandemic in Jersey (en) 2020 COVID-19 pandemic in Guernsey (en) COVID-19 pandemic in British Overseas Territories (en) | ||||
Haischlib | #CoronaCrisisUK agus #CoronaVirusUK |
Ar 13 Márta, cuireadh na toghcháin áitiúla sa Ríocht Aontaithe ar ceal ar feadh bliana go dtí Bealtaine 2021. Ar 20 Márta, d'fhógair príomh-aire na Ríochta Aontaithe Boris Johnson go ndúnfaí tithe tábhairne, bialanna, ionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta, clubanna oíche, amharclanna agus pictiúrlanna. Ar 23 Márta, chuir Johnson srianta i bhfeidhm tionchar atá ag an gcoróinvíreas a laghdú ar feadh trí seachtaine i gcraoladh teilifíse. Ordaíodh do mhuintir na Ríochta Aontaithe fanacht sa bhaile, dúnadh gnóthaí neamhriachtanacha ar fud na tíre agus bhí cosc ar chruinnithe de beirt nach gcónaíonn lena chéile. Bhí na srianta infheidhmithe de réir dlí. Ar 27 Márta, thaispeáin toradh dearfach go raibh COVID-19 ar Boris Johnson agus ar rúnaí sláinte na Breataine Matt Hancock.
Ar 4 Aibreán, tógadh isteach san ospidéal é Johnson, agus tugadh isteach san aonad dianchúraim é dhá lá ina dhiaidh sin toisc go raibh a shiomptóim ag dul in olcas. Ar 15 Aibreán, d'fhógair Hancock go raibh daoine den teaghlach in ann a ngaolta atá ag fáil bháis a fheiceáil. Ina theannta sin, chuir Hancock tús le feachtas níos mó trealamh cosanta pearsanta a thabhairt d'oibrithe chúram baile. Ar an lá dár gcionn, d'fhógair Dominic Raab go leathnóidh an dianghlasáil sa Ríocht Aontaithe ar feadh trí seachtaine ar a laghad. Ag deireadh na míosa, dúirt Johnson go raibh an Ríocht Aontaithe "thar an mbuaic an ghalair seo".
Ar 7 Bealtaine, bheartaigh céad-aire na Breataine Bige Mark Drakeford an dianghlasáil sa tír a leathnú ar feadh trí seachtaine, ach ceadaíodh aclaíocht níos mó ná uair amháin sa lá agus athoscofaí leabharlanna. Ar 10 Bealtaine, mhol Johnson do mhuintir Shasana a bheith ag obair ón mbaile mura gcaithfear dul ag obair, agus dúirt sé gur chóir dóibh iompar poiblí a sheachaint a oiread agus is féidir. Cheadaigh sé aclaíocht neamhtheoranta agus tiomáint chuig cinn scríbe lasmuigh i Sasana. Bhain sé úsáid as an mana "fan san airdeall". Níor ghlac tíortha eile na Ríochta Aontaithe an cur chuige céanna i leith na srianta a mhaolú. Ag deireadh na míosa, d'fhógair céad-aire na hAlban Nicola Sturgeon go mbeidh maolú ar na srianta sa tír ón 29 Bealtaine. Ceadaíodh muintir na hAlban bualadh lena gcairde agus lena gclann le scaradh sóisialta, ach ní raibh crunnithe de níos mó ná ochtar ceadaithe.
Ag tús mhí an Mheithimh, athosclaíodh bunscoileanna i Sasana le scaradh sóisialta i bhfeidhm. Ar 4 Meitheamh, fógraíodh nár mór do mhuintir Shasana ag baint úsáid as iompar poiblí clúdaithe aghaidhe a chaitheamh ón 15 Meitheamh. Ar 8 Meitheamh, chuir rialtas na Breataine dlí i bhfeidhm maidir le taisteal chuig an Ríocht Aontaithe. Ní mór do dhaoine ag teacht go dtí an Ríocht Aontaithe iad féin a leithlisiú ar feadh coicíse. Ag deireadh na míosa, dúradh go mbeidh maolú ar srianta ar thaisteal thar lear ón 6 Iúil.
Ag tús mhí Iúil, fógraíodh go n-athróidh an dlí maidir le taisteal chuig an Ríocht Aontaithe. Ní gá do dhaoine ón Fhrainc, An Spáinn, An Ghearmáin agus An Iodáil ag teacht go dtí Sasana iad féin a leithlisiú ón 10 Iúil. Ar 14 Iúil, fógraíodh nár mór do mhuintir Shasana clúdaithe aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus sna hollmhargaí ón 24 Iúil. Dá bhrisfeadh aon duine an riail, gearrfaí fíneáil le suas le £100 orthu. Bheadh clúdaithe aghaidhe roghnach i mbialanna agus in ionaid aclaíochta fós. Beartaíodh nach raibh clúdaigh aghaidhe oiriúnach do leanaí faoi bhun 11 bliana d’aois, d'aon duine a bhfuil faoi míchumas agus d’aon duine a d’fhéadfadh a bheith trína chéile nó an-míchompordach ag caitheamh clúdaigh aghaidhe. Ag deireadh na míosa, cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm i Mórcheantar Mhanchain, Lancashire agus Yorkshire Thiar i ndiaidh méadú ar líon na gcásanna de COVID-19. Bhí cosc ar crunnithe de theaghlaigh difriúla i dtithe nó i ngairdíní.
Ag tús mhí Lúnasa, fógraíodh eachtra mhór i Mórcheantar Mhanchain de bharr an méadú a tháinig ar an ráta ionfhabhtaithe. Ar 14 Lúnasa, bhrostaigh na mílte duine ar saoire ón bhFrainc abhaile, mar fógraíodh nár mór dóibh iad féin a leithlisiú ar feadh coicíse, mura d'fhill siad chuig an mBhreatain roimh 04:00 ar an 15 Lúnasa. Bhí scuainí agus tranglaim tráchta ag na cuanta agus an Eurotunnel.
Ag tús mhí Mheán Fómhair, athosclaíodh scoileanna i Sasana agus an Bhreatain Bheag. Ar 8 Meán Fómhair, fógraíodh go mbeidh cosc ar chrunnithe de níos mó ná seisear i Sasana ón tseachtain seo chugainn, ach níor bhain an riail seo le scoileanna nó áiteanna oibre. Cuireadh na rialacha céanna i bhfeidhm san Bhreatain Bheag agus Albain freisin, ach níor bhain an riail le páistí murab ionann Sasana. Ar 9 Meán Fómhair, bhí preasócáid ag Boris Johnson, agus d'fhógair sé nár mór do bhialanna agus tithe tábhairne sonraí teagmhála a bhailiú agus rinne sé cur síos ar phlean "moonshot" an víreas a choinneáil faoi smacht le olltástáil. Ar 10 Meán Fómhair, d'fhógair BBC nach gcraol siad gach fógra maidir leis an gcoróinvíreas ó Nicola Sturgeon i rith na seachtaine ar an teilifís. Shínigh níos mó ná 16,000 duine achainí i gcoinne an cinneadh. Ar 22 Meán Fómhair, fógraíodh nár mór do tithe tábhairne i Sasana agus an Bhreatain Bheag a bheith dúnta ag 22:00, agus cuireadh cosc ar chruinnithe idir teaghlaigh difriúla faoi dhíon in Albain.
Ar 12 Deireadh Fómhair, bunaíodh creat reachtach chun scaipeadh an víris a laghdú i Sasana, agus chuirfí i bhfeidhm dhá lá ina dhiaidh sin. Tá trí leibhéal ag an gcreat. Ba é Learpholl an chéad réigiún faoi leibhéal 3, agus dúnfaí tithe tábhairne. Chuirfí leibhéal 2 i bhfeidhm i Manchain agus oirthuaisceart Shasana, agus bhí cosc ar crunnithe de theaghlaigh difriúla taobh istigh. Ar 15 Deireadh Fómhair, fógraíodh go mbeadh Londain faoi leibhéal 2 tar éis méadú ar líon na gcásanna. Bheadh leibhéal 3 i bhfeidhm Mórcheantar Mhanchain chomh maith, ach cuireadh moill ar na srianta toisc go raibh aighneas idir Boris Johnson agus méara Andy Burnham. Theastaigh níos mó tacaíocht airgid don cheantar ó Burnham. Ag deireadh na míosa, d'fhógair Johnson go dtosóidh dianghlasáil ar feadh ceithre seachtaine i Sasana ar 5 Samhain, nuair a dhúnfaí tithe tábhairne, bialanna, ionaid fóillíochta agus siopaí neamhriachtanacha. Áfach, ní raibh aon tionchar ag an dianghlasáil ar oideachais.
Ar 2 Samhain, cuireadh córas srianta i bhfeidhm in Albain. Tá cúig leibhéal ag an gcóras, uimhrithe 0-4.
Leibhéal | Bualadh le daoine | Tionscal an fháilteachais | Taisteal | Oideachas |
---|---|---|---|---|
0 | 8 duine ó 3 theaghlach difriúla taobh istigh 15 duine ó 5 theaghlach difriúla taobh amuigh | Amanna ceadúnaithe i bhfeidhm | Taisteal neamhriachtanach ceadaithe chuig/ó cheantair leibhéal 3 nó 4 in Albain, agus chuig/ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe amháin Taisteal neamhriachtanach ceadaithe ar iompar poiblí | Oscailte |
1 | 6 duine ó 2 theaghlach difriúla taobh istigh 8 duine ó 3 theaghlach difriúla taobh amuigh | Iontráil dheireanach ag 21:30 Am dúnta: 22:30 | Taisteal neamhriachtanach ceadaithe chuig/ó cheantair leibhéal 3 nó 4 in Albain, agus chuig/ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe amháin Taisteal neamhriachtanach ceadaithe ar iompar poiblí | Oscailte |
2 | Cosc ar chruinnithe faoi dhíon 6 duine ó 2 theaghlach difriúla taobh amuigh | Alcól ceadaithe le béile. Iontráil dheireanach laistigh ag 19:00. Am dúnta: 20:00 Iontráil dheireanach lasmuigh ag 21:30. Am dúnta: 22:30 | Taisteal neamhriachtanach ceadaithe chuig/ó cheantair leibhéal 3 nó 4 in Albain, agus chuig/ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe amháin. Taisteal neamhriachtanach ceadaithe ar iompar poiblí | Oscailte le bearta i bhfeidhm |
3 | Cosc ar chruinnithe faoi dhíon 6 duine ó 2 theaghlach difriúla taobh amuigh | Cosc ar alcól Iontráil dheireanach ag 17:00 Am dúnta: 18:00 | Taisteal riachtanach ceadaithe chuig/ó cheantair leibhéal 3 nó 4 in Albain, agus chuig/ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe amháin Cosc ar thaisteal neamhriachtanach ar iompar poiblí | Oscailte le níos mó bearta i bhfeidhm Cianfhoghlaim i bhfeidhm sna hollscoileanna |
4 | Cosc ar chruinnithe faoi dhíon 6 duine ó 2 theaghlach difriúla taobh amuigh | Dúnta | Taisteal riachtanach ceadaithe chuig/ó cheantair leibhéal 3 nó 4 in Albain, agus chuig/ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe amháin Cosc ar thaisteal neamhriachtanach ar iompar poiblí | Oscailte le níos mó bearta i bhfeidhm Cianfhoghlaim i bhfeidhm sna hollscoileanna |
Ba é an Ríocht Aontaithe an chéad tír ar domhan vacsaín Pfizer/BioNTech a cheadú ag tús mhí na Nollag. Ba í Margaret Keenan an chéad duine ar domhan chun an vacsaín a fháil ar 8 Nollaig. Fuair sí an dara dáileog den vacsaín ar 29 Nollaig. Ar 14 Nollaig, tuairiscíodh tréithchineál nua den COVID-19 sa Ríocht Aontaithe, agus bhí cosc ar thaisteal ón Ríocht Aontaithe i níos mó ná 40 tír laistigh den tseachtain seo chugainn mar fhreagairt ar an tréithchineál. Cruthaíodh leibhéal nua, leibhéal 4, sa chreat reachtaíochta Shasana mar gheall ar an tréithchineál nua, agus cuireadh é i bhfeidhm san chuid is mó den tír ag deireadh na bliana.
Ar 4 Eanáir 2021, d'fhógair Nicola Sturgeon go gcuireadh dianghlasáil i bhfeidhm in Albain an athuair, agus dúnfaí scoileanna timpeall na hAlban go dtí mí Feabhra ar a laghad. An lá dár gcionn, chuir Boris Johnson an tríú dianghlasáil i Sasana i bhfeidhm agus dúnadh scoileanna ar feadh míosa ar a laghad, murab ionann an dara dianghlasáil i mí na Samhna 2020. Ina theannta sin, dúnfaí scoileanna timpeall na Breataine Bige go dtí 18 Eanáir ar a laghad, agus leathnóidh dúnadh na scoileanna go dtí 22 Feabhra. Ag deireadh na míosa, bhí súil ag Johnson tús a chur leis an dianghlasáil a mhaolú ag tús mhí an Mhárta.
Ar 22 Feabhra, d'fhógair Johnson plean an dianghlasáil a mhaolú i Sasana faoi 21 Meitheamh ar a luaithe. Chomh maith leis sin, d'fhógair Sturgeon plean an dianghlasáil a mhaolú in Albain freisin. Cuirfí an córas srianta fógartha i mí Dheireadh Fómhair 2020 i bhfeidhm an athuair. Ag deireadh na míosa, tuairiscíodh sé chás den tréithchineál Brasaíleach sa Ríocht Aontaithe, trí chás i Sasana agus trí chás in Albain.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.