Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Dominic Rennie Raab.
(a rugadh i mBuckinghamshire ar an 25 Feabhra 1974), go mór i bhfách leis an eite dheas agus fear mór Breatimeachta.
Ceapadh Raab mar Státrúnaí an Bhreatimeachta, agus ansin Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Bhí droch-chaidreamh idir é féin agus rialtas na hÉireann sna 2010idí.
Leas-Príomhaire na Breataine ba ea Dominic Raab, idir Deireadh Fómhair 2022 - Aibreán 2023,
Ar 21 Aibreán 2023, d'éirigh Raab as a phost, i ndiaidh d'fhiosrúchán neamhspleách a léiriú go ndearna sé bulaíocht ar chomhghleacaithe. Tugadh fianaise le linn an fhiosrúcháin maidir le hiompar an Uasail Raab go ndearna sé bulaíocht ar oifigigh éagsúla i dtrí roinn éagsúla. Mar a bheifeá ag súil leis, d'fhan Raab neamhleithscéalach. Thug sé le fios gur, cé go bhfuil dualgas air glacadh le torthaí an fhiosrúcháin, go bhfuil seisean den bharúil nach ndearna sé tada as bealach. "Baineann sé dár gcumas rialú éifeachtach a chur i gcrích an tairseach a bheith chomh híseal ar shainmhíniú bulaíochta", a dúirt sé.
Bhí Raab ar an tríú haire sinsearach le héirí as rialtas Sunak idir Samhain 2022-Aib. 2023 de bharr drochiompair phearsanta. B'údar náire é seo do Sunak, a ghlac oifig mar Phríomh-aire na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 2022 faoi ghealltanas go mbeadh ionracas agus macántacht ag baint lena rialtas.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dominic Raab, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.