Paindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann

Thosaigh an paindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann ar an 27 Feabhra 2020.

Dhearbhaigh Áisíneacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann go rabhthas tagtha ar chás den choróinvíreas agus gur duine an t-othar a tháinig ar ais ón Iodáil go dtí an stát ó dheas sula ndeachaigh sé ó thuaidh. Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt an Dr Michael McBride a d’fhógair an scéal i mBéal Feirtse, agus dúirt sé go raibh an dara tástáil á dhéanamh ar shampla ón othar i Sasana faoi láthair. Ní raibh an Dr Michael McBride sásta a rá cé acu ar tháinig an té atá buailte ag an ngalar as Baile Átha Cliath ar an gcóras iompair poiblí nó nár tháinig. Faoi 20 Iúil 2021, bhí 141,460 cás agus 2,164 bás dearbhaithe ag an Roinn Sláinte. Áfach, dar leis an Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde, fuair 2,982 duine bás de bharr COVID-19 faoi 2 Iúil 2021.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPaindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann
 54°41′N 6°45′W / 54.68°N 6.75°W / 54.68; -6.75
Cineálráig ghalair de Covid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2020 Coróinvíreas paindéimeach san Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse27 Feabhra 2020 - 
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh3,536 (30 Aibreán 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Organized response related to outbreak (en) Aistrigh2020 Northern Ireland COVID-19 lockdown (en) Aistrigh agus 2020 Northern Ireland COVID-19 closing of non-essential businesses (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna338 (30 Aibreán 2020) Cuir in eagar ar Wikidata


Paindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann
Cásanna dearbhaithe in aghaidh gach 100,000 daoine den daonra i ngach rialtas áitiúil, amhail 20 Iúil 2021.

██ <5,725

██ 5,725-7,827

██ 7,827-7,916

██ 7,916-9,256

██ ≥9,256

Amlíne

Márta go dtí Bealtaine 2020

Ar an 28 Márta, d'ordaigh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann do dhaoine fanacht sa bhaile agus tugadh ordú do gnóthaí neamhriachtanacha a dhúnadh. Ar an 24 Aibreán, athosclaíodh reiligí ag cumas teoranta. Ar an 18 Bealtaine, athosclaíodh ionaid garraíodóireachta agus ionaid athchúrsála, agus bhí shearmanais an phósta ceadaithe le haghaidh daoine atá ag fáil bháis. An lá dár gcionn, maolaíodh níos mó srianta. Ceadaíodh cruinnithe de seisear agus athosclaíodh ionaid adhartha.

Meitheamh go dtí Lúnasa 2020

Ar an 12 Meitheamh, athosclaíodh miondíoltóirí neamhriachtanacha, agus ceadaíodh cruinnithe de 10 duine atá nach bhfuil in aontíos lena chéile. Ar an 3 Iúil, athosclaíodh óstáin, bialanna agus tithe tábhairne. Ar an 6 Iúil, athosclaíodh siopaí gruagaire, siopa bearbóra agus salóin áilleachta. Chomh maith leis sin, bhí daoine i dTuaisceart Eireann ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine sna ospidéil agus sna tithe cúraim. Ar an 10 Iúil, athosclaíodh pictiúrlanna agus ionaid aclaíochta. Ar an 1 Lúnasa, bhí daoine sa phobal atá ar lagchuidiú in ann a dteach a a fhágáil, agus d'fhill siad ar a n-obair. Bunaíodh scéim "Eat Out to Help Out" ar an 3 Lúnasa, agus dúnadh é ag deireadh na míosa. Chabhraigh an scéim le bialanna i dTuaisceart Éireann. Ón 10 Lúnasa, caithfear muintir Thuaisceart Éireann clúdaithe aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus i spásanna beaga eile. Ar an 21 Lúnasa, cuireadh teorainneacha ar tionóil faoi dhíon agus tionóil faoin aer.

Meán Fómhair go dtí Samhain 2020

Ar an 14 Meán Fómhair, cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm i mBéal Feirste, an Baile Meánach agus áiteanna i Lios na gCearrbhach, Lann Abhaigh agus Cromghlinn. Ní raibh daoine sna háiteanna seo ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine ina dtithe. Bhí na srianta seo i bhfeidhm i ngach áit i dTuaisceart Éireann faoi 22 Meán Fómhair. Dúnadh mórán gnéithe den earnáil fáilteachais ar an 16 Deireadh Fómhair. Ar an 19 Deireadh Fómhair, dúnadh gach scoil ar feadh coicíse. Ar an 20 Samhain, athosclaíodh caifí, ach dunadh na caifí arís ar an 27 Samhain. Ina theannta sin, fógraíodh go leathnóidh na srianta ar earnáil fáilteachais ar feadh coicíse ón 27 Samhain. "Circuit breaker" an t-ainm a bhí ar an leathnú.

Nollaig 2020 go dtí an lá atá inniu ann

Ar an 4 Nollaig, fógraíodh go gcríochnóidh an "circuit breaker" an tseachtain seo chugainn. Cuireadh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar an 26 Nollaig ar feadh sé seachtaine. Ar an 21 Eanáir 2021, leathnóidh an dianghlasáil go dtí 5 Márta. Ar an 18 Feabhra, leathnóidh an dianghlasáil arís go dtí 1 Aibreán, ach tugadh cead do roinnt páistí bunscoile filleadh ar ais ar scoil ón 8 Márta. Ar 2 Márta, nocht an chéad aire Arlene Foster agus an leas-chéad aire Michelle O'Neill plean an dianghlasáil a chríochnú.

Gailearaí

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Paindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann AmlínePaindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann GailearaíPaindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann Féach freisinPaindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann TagairtíPaindéim Covid-19 I Dtuaisceart Éireann

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

SceimhlitheoireachtTinte ealaíne1958An SpáinnisYTuargaighPádraig Mac Suibhne1 AibreánCreasa Van Allen1951American Idol (sraith 6)Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann56CosUisceAn tSlóvaicisThe Voice (SA)The Voice (séasúr 18 na SA)An Mhongóil1914762GlacaireachtIomparAn India28 LúnasaSolothurnSeoladh IPFTP1922UNESCORóbaiticAibítir Idirnáisiúnta FoghraíochtaMoscóPáirtí na Sóisialaithe RéabhlóideachaSolasÉadbhard III ShasanaÉillitheachtECeit FhoirbeisLudwig WittgensteinZombaíCnuasainmnAn RúisAn LuanOscar WildeJuan Antonio VillacañasThe Voice (séasúr 4 na SA)Sussex ThiarStórascEncyclopædia BritannicaAn ÚcráinAn fearann poiblíABBANéarchórasLittle Rock, ArkansasOiriúnú (sochaí)CaliforniaHiodrainsiaÉirí Amach na CáscaPríomhroinn ShasanaJus ad bellumChatGPTDara Cogadh Domhanda25PAlastar MórDFearAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachPortoDóchúlachtCeanadaBéal Feirste1967Rúraíocht🡆 More