Thosaigh an paindéim COVID-19 sa Nigéir ar an 27 Feabhra 2020, nuair a thaispeáin toradh tástála gur tholg saoránach Iodálach i Lagos an víreas.
| ||||
Cineál | ráig ghalair de Covid-19 | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic in Africa (en) agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) | |||
Tréimhse | 27 Feabhra 2020 - | |||
Suíomh | an Nigéir, An Nigéir | |||
Tír | an Nigéir | |||
Cúis | Covid-19 | |||
Tabular case data (en) | Liosta | |||
Number of cases (en) | 266,598 (9 Márta 2023) | |||
Number of recoveries (en) | 39,257 (24 Lúnasa 2020) | |||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 Nigeria COVID-19 travel restrictions (en) | |||
Líon básanna | 3,155 (9 Márta 2023) | |||
Haischlib | #CoronaVirusNigeria | |||
Amhail 20 Iúil 2021, bhí 169,884 cás agus 2,128 bás dearbhaithe sa tír. Ina theannta sin, tháinig biseach ar 164,743 duine, agus rinneadh 2,401,894 tástáil.
Ar an 28 Eanáir 2020, d'fhógair rialtas na Nigéire plean chun ionfhabhtuithe a chosc. Chomh maith leis sin, fógraíodh gur bhunaigh an NCDC grúpa dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.
Ar an 31 Eanáir 2020, bhunaigh an NCDC "Coronavirus Preparedness Group".
Ar an 26 Feabhra 2020, dúirt fear Síneach leis an rialtas i Lagos go bhféadfadh sé a bheith ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas. Bí toradh diúltach ar a thástáil agus caoileadh amach as ospidéal é an lá dár gcionn.
I tús mhí an Mhárta 2020, bhunaigh uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari tascfhórsa uachtaránachta. Ar an 17 Márta, cuireadh an fhéile spóirt náisiúnta sa Nigéir ar ceal.
Ar 18 Márta, chuir an rialtas cosc ar thaisteal ó 15 tír (agus dhá lá i ndiaidh sin, an Ostair agus an tSualainn). Ar an 19 Márta, fograíodh go mbeadh gach institiúid oideachais dúnta. Ar an 21 Márta, fógraíodh go gcuireadh gach seirbhís iarnród ar ceal san Nigéir, Dúnadh aerfort Lagos agus aerfort Abuja ar 23 Márta.
I mí Aibreáin 2020, tuairiscíodh borradh ollmhór ar líon na mbásanna i Kano, i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. I mí na Bealtaine, d'fhógair uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari maolú ar na srianta a bhí i bhfeidhm, ach cuireadh cuirfiú i bhfeidhm ó 20:00 go dtí 06:00, agus ba ghá mascanna aghaidhe a chaitheamh.
Ar an 18 Bealtaine, leathnaíodh an dianghlasáil i Kano, le cuirfiú go dtí tús mhí an Mheithimh.
Ag tús mhí an Mheithimh, cuireadh deireadh leis an dianghlasáil i Kano agus atosaíodh seirbhísí reiligiúnacha agus bainc. Chomh maith leis sin, giorraíodh an cuirfiú ó 20:00-06:00 go dtí 22:00-04:00, agus fógraíodh go n-atosaigh eitiltí intíre ón 21 Meitheamh. Ag deireadh na míosa, ceadaíodh do mhuintir na Nigéire taisteal thar lear. Athosclaíodh na scoileanna ar 1 Iúil.
Ó Mheán Fómhair go Samhain 2020, bhí laghdú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19. Mar sin, athosclaíodh an geilleagar. Ina theannta sin, dúnadh ionaid cóireála ar feadh tamaill, ach athosclaíodh iad i mí na Nollag.
I mí na Nollag 2020, dúirt an tascfhórsa uachtaránachta gur thosaigh an dara tonn de COVID-19 sa Nigéir, agus dúnadh scoileanna ar fud na tíre ar feadh míosa. Chomh maith leis sin, thángthas ar athraitheach nua den coróinvíreas.
Ar an 14 Eanáir 2021, d'fhógair rilatas go mbeadh scoileanna ar fud na Nigéire athoscailte. In ainneoin sin, níor athoscail scoileanna i Edo agus Kaduna, agus bhí an tOllamh Julis Ihonvbere buartha faoi mhéadú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19. Ar an 25 Eanáir, tuairiscíodh an chéad chás den athraitheach Briotanach den COVID-19 sa Nigéir.
Ar 2 Márta, fuair an Nigéir an chéad lastas vacsaíní ó "COVAX".
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Paindéim COVID-19 sa Nigéir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.