Bhí Pius XII ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach ó 1938 tar éis bháis Pius XI go dtí 1958.
Chaith sé a shaol i seirbhís lárnach na hEaglaise, ag caitheamh tréimhsí mar Nuinteas don Bhaváir i München, don Ghearmáin i mBeirlín agus ina Chairdinéal Rúnaí Stáit ('príomh-aire na hEaglaise').
Rugadh Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli sa Róimh ar 2 Márta 1876 de shíol uasail. Ba é an Rómhánach deireanach a toghadh mar Easpag na Róimhe. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1899 agus fuair sé dochtúireacht sa bhliain 1901. Bhí sé ag obair sa Rúnaíocht Stáit ó shin amach tar éis dó staidéar agus taighde a dhéanamh ar Eaglais agus Stáit.
Coinscríobhadh ina easpag é ar 13 Deireadh Fómhair 1917 agus seoladh é chun München mar Nuntius Aspalda an Phápa don Bhaváir. Ag an am, bhíodh Nuntius faoi leith ag an mBaváir agus é scartha ón Nuntius i mBeirlín. Cuireadh chun Beirlín é sa bhliain 1925. Cé go raibh an Iodáil i gcoinne na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an Ardeaspag Pacelli chun na Baváire sa bhliain 1917, d'fhás mórchaidreamh idir é agus muintir na Gearmáine agus ba ghnách leis Gearmáinis a labhairt go príobháideach go dtí deireadh a shaoil.
Rinneadh cairdinéal de sa bhliain 1929 agus cheap Pius XI ina Rúnaí Stáit é sa bhliain 1930. Bhí lámh mhór aige sa Choncordat idir an Vatacáin agus an Ghearmáin sa bhliain 1933, tar éis teacht i gcumhacht Adolf Hitler.
An Concordat sínithe, bhí an-chuid scéalta ag an Eaglais faoi shárú an Choncordat ag na Naitsithe. Sheol Pius XI an tréadlitir Mit brennender Sorge chuig muintir na Gearmáine agus é ag cur i gcoinne gníomhartha agus fealsúnachta na Naitsithe. Bhí lámh ag an Cairdinéal Pacelli i scríobh na tréadlitreach sin.
Toghadh mar Phápa é ar 2 Márta 1938 agus bhí sé ina Phápa le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Cé go bhfuil an-chuid scríobtha i gcoinne polasaithe Pius i leith na Gearmáine, ag an am aithníodh é mar an t-aon guth amháin a bhí le cloisteáil ar fud na hEorpa. Ar ndóigh, cheap roinnt daoine gur imigh sé thar fóir.
Tar éis an Chogaidh chuir sé go géar i gcoinne an chumannachais agus ghéaraigh na hionsaithe air ó shin i leith.
Bhí dúil aige sa diagacht riamh agus scríobh sé tréadlitreacha tábhachtacha tar éis an Chogaidh: Humani Generis, mar shampla, a chuir síos ar theoiricí Darwin sa bhliain 1950. Sa bhliain 1950 d'fhógair sé Deasghabháil Mhuire ar neamh mar dhogma de chuid na hEaglaise.
Bhí dhrochshláinte ag Pius XII ar feadh i bhfad agus fuair sé bás i gCastel Gandolfo ar 9 Deireadh Fómhair 1958.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pápa Pius XII, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.