I gcúrsaí creidimh, is áit osnádúrtha tharchéimnitheach é Neamh (nó na flaithis) ina bhfuil neacha ar nós déithe, aingil, anamacha, naoimh, nó sinsir urramacha ina gcónaí, nó is í an áit as a dtagann siad.
I reiligiúin áirithe, is féidir le neacha neamhaí teacht anuas as neamh go dtí an domhan i gcolainn dhaonna, agus is féidir le neacha saolta dul suas chun na bhflaitheas tar éis a mbáis, nó, i gcásanna eisceachtúla, dul isteach ar neamh fós beo.
Is minic a dhéantar cur síos ar neamh mar “an áit is airde”, “an áit is naofa”, nó mar “pharthas”, i gcodarsnacht le hifreann nó an domhan thíos nó na “háiteanna ísle”. Creideann daoine áirithe gur féidir le gach duine neamh a shroichint, ach uaireanta creidtear go gcaithfear caighdeáin nó coinníollacha éagsúla ó thaobh diagachta, maitheasa, cráifeachta, nó creidimh, a bhaint amach, nó b'fhéidir nach bhfuil i gceist ach toil Dé. Creideann daoine áirithe go bhféadfadh neamh a bheith ar an domhan i saol atá le teacht.
Creideamh eile atá ann ná axis mundi nó crann domhanda a cheanglaíonn na flaithis, an saol daonna, agus an domhan thíos. I reiligiúin Indiacha, meastar gur cosúil le neamh é Svarga loka, agus athshaolaítear an t-anam i bhfoirmeacha éagsúla de réir a karma. Is féidir an timthriall seo a bhriseadh tar éis don anam Moksha nó Nirbheána a bhaint amach. Tugtar “an domhan eile” ar aon áit taobh amuigh den domhan seo (neamh, ifreann, nó eile) ina bhfuil daoine, anamacha nó déithe.
Ar a laghad sna creidimh Abrahámacha (an Chríostaíocht, Ioslam, agus roinnt scoileanna de chuid an Ghiúdachais), is é neamh an áit a gcúitíonn Dia le daoine a gcuid dea-ghníomhartha sa saol ar feadh na síoraíochta (agus is é ifreann an áit a gcuireann Dia pionós ar dhaoine faoina ndroch-iompar).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Neamh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.