Is é Músaem Mhanann (Thie Tashtee Vannin) i nDúglas, Oileán Mhanann iarsmalann náisiúnta Oileán Mhanann.
Tá sé á reáchtáil ag Oidhreacht Náisiúnta Mhanann. Go ginearálta, clúdaíonn an músaem 10,000 bliain de stair Oileán Mhanann ón gClochaois go dtí an lae inniu.
Músaem Mhanann | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem réigiúnach agus músaem náisiúnta | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Oileán Mhanann | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | manxnationalheritage.im… | |||
Feidhmíonn an músaem mar cheanncheathrú d’Oidhreacht Náisiúnta Mhanann. Níl aon bhaint ag an músaem leis an institiúid a bhunaigh Trevor Ashe Trevor Ashe sa bhliain 1825.
Mar thoradh ar an 'Manx Museum and Ancient Monuments Act' de 1886 cruthaíodh iarsmalann náisiúnta d’Oileán Mhanann agus é mar aidhm aige oidhreacht chultúrtha agus stairiúil an oileáin a chaomhnú. Cé go raibh institiúid ann roimhe seo ar Oileán Mhanann ar a dtugtar an Manx Museum, a bhunaigh an fiontraí, údar agus foilsitheoir Trevor Ashe sa bhliain 1825, níl aon bhaint aige le Músaem Mhanann atá á reáchtáil ag Oidhreacht Náisiúnta Mhanann (Manx National Heritage) .
Tá cuid den Mhúsaem Mhanann lonnaithe i i bhfoirgneamh bunaidh Ospidéal Noble (Noble's Hospital). Ba í Rebecca Noble, bean chéile an daonchara agus fear gnó Henry Bloom Noble, a thiomnaigh an suíomh ar Crellin's Hill i nDúglas in 1885. Leag Rebecca Noble an bhunchloch ach níor mhair sí chun an foirgneamh a oscailt go hoifigiúil..
Tar éis Ospidéal nua Noble ar Bhóthar Westmoreland a oscailt sa bhliaini 1912, bhí an foirgneamh folamh ar feadh beagnach deich mbliana go dtí gur tugadh an foirgneamh ar láimh d'iontaobhaithe Iarsmalann Mhanann.. Osclaíodh Músaem Mhanann ar 2 Samhain 1922 agus Philip Moore Callow Kermode ina stiúrthóir air.
Leathnaíodh an músaem agus athmhúnlaíodh go mór é idir 1986 -89agus bhí léachtlann agus amharclann scannán, agus dánlann i gceist leis an síneadh mór. D’athoscail an Bhanríon Eilís II, Tiarna an músaem go hoifigiúil sa bhliain 1989.
Seachas roinnt taispeántas buan ó stair seandálaíochta Oileán Mhanann go bailiúchán na staire nádúrtha, taispeántar roinnt taispeántas sealadach le téamaí faoi leith gach bliain.
Gach samhradh taispeántar taispeántas a chlúdaíonn rásaí agus rásaíocht gluaisrothar.
I measc na dtaispeántas eile le déanaí bhí This Terrible Ordeal inar díríodh ar thaithí mhuintir Mhanann sa Chéad Chogadh Domhanda, agus saothar ealaíne an ealaíontóra Bhriotánaigh William Hoggatt.
Sa bhliain 2018 dúirt Oidhreacht Náisiúnta Mhanann go dtagann 100,000 cuairteoir go dtí Músaem Mhanann ar an meán gach bliain. Bhí an figiúr seo faoi dhíospóid ag nuachtáin Oileán Mhanann, tar éis iarratas saorála faisnéise a fuarthas amach go raibh na huimhreacha taifeadta i bhfad níos lú ná mar a measadh.
Léirigh an freagra SF gur chomhaireamh MNH 63,953 cuairteoir isteach sa mhúsaem in 2015, b’ionann sin agus 68,602 in 2016 agus 72,661 in 2017, cé gur ionann na huimhreacha agus méadú de 8,708 cuairteoir thar thréimhse trí bliana, is é seo fós 27,339 níos lú na an líon a mhaígh MNH.
Dúirt an Músaem, mar gheall ar athmhúnlú ar cheann de bhealaí isteach an Mhúsaeim, “gur léir gur gá an mhodheolaíocht a úsáidimid chun cuairteoirí agus úsáideoirí a mheas a nuashonrú”.
Tá páirceáil teoranta, siopa, caifé ag an músaem agus bíonn sé oscailte go laethúil. Tá an Dánlann Náisiúnta Ealaíne agus Leabharlann agus Cartlann Náisiúnta Mhanann suite ar an suíomh freisin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Músaem Mhanann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.